ANAILÍS: Ar cheart do Jim Ratcliffe Jose Mourinho a thabhairt ar ais go Manchester United?

Tá trófaithe (trophies) buaite ag Jose Mourinho agus is é sin atá de dhíth ar Manchester United ach, tar éis do Roma é a chur as a phost, an bhfuil a stíl imeartha as dáta?

Dealraíonn sé go bhfaigheann Jose Mourinho trí shéasúr sula dtéann sé ar aghaidh. Ar dtús bhí Chelsea aige, ansin Real Madrid agus ansin Chelsea arís, agus ina dhiaidh sin bhí Manchester United agus anois Roma agus …. Manchester United arís?

Níos lú ná dhá bhliain tar éis dó Sraith Chomhdhála Europa (Europa Conference League) a bhuachan, cuireadh Mourinho as a phost le linn ceann de na séasúir is measa a bhí ag Roma le déanaí.

Tá an bainisteoir, arb as an bPortaingéil dó,  60 bliain d’aois anois ach beidh clubanna ann i gcónaí ag lorg Mourinho mar gur féidir leis trófaithe a fháil.

Jose Mourinho
Jose Mourinho

 Mar sin féin ar cheart do Jose Mourinho dul ar ais go Old Trafford?

Is cinnte go mbeidh Jim Ratcliffe ina pháirt-úinéir ar chlub an Premier League le mionlach i gceist ach beidh sé freagrach as cúrsaí peile ar fad.

Is mór an fhreagracht é sin ar aon pháirt-úinéir ach ligeann sé don teaghlach Glazer leanúint ar aghaidh ag fáil na buntáistí a bhaineann le sárchlub domhanda a bheith acu gan a bheith ag plé le gnó na peile.

Agus cúrsaí ag dul go dona le Manchester United anois, caithfidh an fhoireann traenála a bheith ag mothú go bhfuil brú orthu.

Ní raibh mórán maitheas le foireann Erik ten Hag an séasúr seo; is annamh a d’imir siad go maith.

Jim Ratcliffe le Alex Ferguson
Jim Ratcliffe le Alex Ferguson

M\r shampla an chluiche 2-2 Dé Domhnaigh le Tottenham. In ainneoin iad a bheith sa bhaile, is annamh a bhí United i gceannas ar an gcomórtas – ba bheag an cumas a bhí acu smacht a ghlacadh i bhformhór na gcluichí go dtí seo.

Tá 14 cluiche caillte acu an séasúr seo agus tá go leor ag cur an mhilleáin ar gortuithe na pheileadóirí nach bhfuil in ann imirt. Sin é an fáth nach bhfuil éileamh mór ar ten Hag imeacht.

Nuair a théann Ratcliffe i gceannas, áfach, ní mheastar go bhfanfaidh ten Hag ró-fhada.

Mar sin féin ní bheadh aon chiall le Mourinho a thabhairt ar ais do United ag an bpointe seo.

Bhí an club ina cíor thuathail sna míonna deiridh nuair a bhí sé ag Old Trafford.

Ten Hag faoi bhrú
Ten Hag faoi bhrú

Bhí an fhoireann uafásach sna míonna tosaigh sin de shéisiúr 2018/19, agus thosaigh na fadhbanna sin an samhradh roimhe sin, nuair a cháin Mourinho an club go poiblí faoi easpa aistrithe (transfers).

Ó d’imigh sé as United, léirigh Mourinho, nuair a bhí sé le Tottenham agus le Roma, nach bhfuil sé sásta dul in oiriúint don chluiche nua-aimseartha.

I gceann cúpla mí, beidh 20 bliain ann ó bhuaigh sé Sraith na Seaimpíní le Porto.

Bhí an rath sin bunaithe ar chur chuige cosanta ag baint úsáide as imreoirí ar nós Jorge Costa, Paulo Ferreira agus Ricardo Carvalho.

Bliain ina dhiaidh sin, bhuaigh Mourinho an Premier League le Chelsea, agus níor lig siad ach 15 chúl isteach, rud a léirigh go raibh sé ag imirt cluiche cosanta i gcónaí.

Ó shin i leith, tá peil athraithe. D’athraigh stíl Pep Guardiola peil na hEorpa. Tá na bainisteoirí eile ag glacadh le sin, ach an mbeadh Mourinho sásta é sin a dhéanamh?

Agus dá dtabharfaí ar ais go United é, is athrú iomlán a bheadh ann ón stíl peile a d’imir ten Hag. Sin rud nach bhfuil aon duine i United ag lrg faoi láthair.


Scéalta Gaeilge ar ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram