Tá an réalta rugbaí idirnáisiúnta Tadhg Furlong fágtha faoi bhrón i ndiaidh dá athair James bás a fháil.
Fuair James ‘Suzie’ Furlong, as Campile, Co. Loch Garman, bás Dé Máirt tar éis cath le hailse scamhóg (lung cancer).
Bhí an-tóir air James a bhí sna 60dí.
Bhí an-áthas ar James freisin, a bhí ina fheirmeoir agus iar-bhúistéir, a mhac a fheiceáil ag imirt d’Éirinn i gCorn Rugbaí an Domhain na bliana seo sa Fhrainc.
Bhí baint mhór aige féin freisin le Club Rugbaí Ros Mhic Thriúin (New Ross) áit ar fhoghlaim sé a chuid scileanna rugbaí chomh maith le mar dalta meánscoile i gColáiste na Dea-Chomhairle (Good Counsel College) in aice láimhe.
Tá an buaiteoir Grand Slam, Tadgh, a phós a chailín fadtéarmach, Aine Lucey, i mí an Mheithimh seo caite, ag imirt do Chúige Laighean le 10 mbliana.
Deirtear go bhfuil sé ar cheann de na himreoirí rugbaí is fearr ar domhan.
Thaistil tuismitheoirí Furlong an domhan go léir chun tacú lena mac agus é ag imirt d’Éirinn.
Bhí James Furlong freisin le feiceáil i bhfógra teilifíse lena mhac réalta rugbaí.
Fagann sé a bhean chéile Margaret, a chlann mhac Tadhg agus Eoin agus a iníon chéile Aine.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.