

Tá foláireamh mór eisithe ag An Post don phobal roimh na spriocdhátaí do phost na Nollag, agus níl ach laethanta fágtha againn.
Le níos lú ná coicís go dtí an 25 Nollaig, tá teaghlaigh ar fud na tíre ag déanamh deifir lena gcuid cártaí agus bronntanais a sheoladh.
Tá orthu siúd atá ag súil le litreacha caighdeánacha poist (standard post) a sheoladh go Meiriceá ró-dhéanach agus ceaptar nach thiocfaidh siad go dtí na Stáit Aontaithe in am.

Sula gceannaíonn tú do chártaí Nollag áfach,
ar smaoinigh tú ar cheann a sheoladh as Gaeilge.
Tá roinnt cártaí Nollag álainn ar fáil as Gaeilge.
Tá gach eolas fúthu ar fáil ANSEO.
Fós féin tá dtí Dé hAoine, 15 Nollaig, ag daoine a úsáideann an tSeirbhís Idirnáisiúnta Cúiréireachta (International Courier Service), nach bhfuil ar fáil ach ag roinnt Oifigí Poist, earraí a sheoladh chuig na Stáit Aontaithe.
Ag breathnú níos gaire don bhaile, ní mór post atá á sheoladh chuig an Tuaisceart a sheoladh roimh Dé Máirt, 19 Nollaig.
Má tá litreacha agus beartáin á seoladh agat ar fud na Poblacht, beidh ort é sin a dhéanamh roimh an Déardaoin, 21 Nollaig.

Post caighdeánach, Litreacha (Standard post, Letters): Poblacht na hÉireann 21 Nollaig, An Tuaisceart 19 Nollaig, An Bhreatain 18 Nollaig, An chuid eile den Eoraip 18 Nollaig, Stáit Aontaithe Mheiriceá 11 Nollaig (ró-dhéanach), An Chuid eile den Domhan 6 Nollaig (ró-dhéanach).
Post caighdeánach, Beartáin (Standard post, Parcels): Poblacht na hÉireann 21 Nollaig, An Tuaisceart 19 Nollaig, An Bhreatain 18 Nollaig, An chuid eile den Eoraip 14 Nollaig, Stáit Aontaithe Mheiriceá 6 Nollaig (ró-dhéanach), An Chuid eile den Domhan 6 Nollaig (ró-dhéanach).
Post cláraithe (Registered post): Poblacht na hÉireann 21 Nollaig, An Tuaisceart 19 Nollaig, An Bhreatain 18 Nollaig, An chuid eile den Eoraip 18 Nollaig, Stáit Aontaithe Mheiriceá 6 Nollaig (ró-dhéanach), An Chuid eile den Domhan 6 Nollaig (ró-dhéanach).
Luasphost (Express post): Poblacht na hÉireann 21 Nollaig, An Tuaisceart 19 Nollaig, An Bhreatain 18 Nollaig, An chuid eile den Eoraip 18 Nollaig, Stáit Aontaithe Mheiriceá 11 Nollaig (ró-dhéanach), An Chuid eile den Domhan 11 Nollaig (ró-dhéanach).
Seirbhís Idirnáisiúnta Cúiréireachta (International Courier Service), ar fáil ag Oifigí Poist roghnaithe amháin: An Bhreatain 20 Nollaig, An chuid eile den Eoraip 19 Nollaig, na Stáit Aontaithe 15 Nollaig, An Chuid Eile den Domhan 15 Nollaig.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.