Tá seachtar peileadóir óga i gCiarraí á lorg ag Sraith Peile na hAstráile (Australian Football League, AFL), dar le cathaoirleach an chontae Patrick O’Sullivan.
Mhol O’Sullivan go bhféadfaí cuid de na himreoirí is fearr sa chontae a chailleadh de bharr Rialacha na hAstráile (Australian Rules), de réir tuairisce san Irish Examiner.
Bhí leithéidí Tadhg Kennelly, Tommy Walsh agus Mark O’Connor caillte go dtí an AFL cheana féin ag an gcontae go dtí an Astráil le 25 bliain anuas.
‘In 2016, labhair mé faoin AFL ag teacht go hÉirinn agus ag díriú ar scoth na tallainne óga atá againn,’ a dúirt sé.
‘Is é an tuiscint atá againn go bhféadfadh scabhtaí (scouts) AFL a bheith ag breathnú ar sheachtar imreoirí as Ciarraí,’ a dúirt sé.
‘Is deacair é seo a ghlacadh do chlubanna agus don chontae tar éis an ama agus an iarracht a théann isteach ina bhforbairt.
‘I mbliana chailleamar Rob Monahan ó Ard Fhearta (Ardfert) go Carlton. Guím gach rath ar Rob ina ghairm bheatha nua.’
Dhearbhaigh O’Sullivan freisin go mbeidh captaen an fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2014, Dara Ó Cinnéide, i gceannas ar an athbhreithniú ar chraobh shinsir peile an chontae.
Chuir sé síos ar eolas cathaoirleach na Gaeltachta ar an gcluiche mar rud ‘níos fearr ná aon duine eile’.
Dúirt sé: ‘Is é craobh an chontae i gCiarraí an comórtas is fearr. Tá sé ina ábhar cainte faoi éad na gcontaetha eile le himeacht na mblianta.
‘Tá an comórtas cáinte i mbliana mar gheall ar na sluaite beaga, cluichí aontaobhacha (one-sided) agus neart Chiarraí Thoir.
‘Le fiche bliain anuas, tá ar a laghad cúig athbhreithniú déanta, faoi dhó le Seán Walsh agus uair amháin le Jerome (Conway), mé féin agus Tim Murphy,’ a dúirt an tUasal O’Sullivan agus é ag caint ag an gcomhdháil bhliantúil, oíche Dé Máirt.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.