Tá sé ráite ag James McClean gur chabhraigh cinneadh Stephen Kenny, i mí Dheireadh Fómhair, é a fhágáil amach as na cluichí in aghaidh na Gréige agus Giobráltar leis cinneadh a dhéanamh dul ar scor.
Gheobhaidh an fear ó Dhoire a 103ú caipín sa chluiche cairdiúil in aghaidh na Nua-Shéalainne (New Zealand) i Staid Aviva oíche Dé Máirt.
Labhair McClean faoina mhothúcháin in agallamh teilifíse le Tony O’Donoghue ó RTÉ roimh an gcluiche sin.
Dúirt McClean, atá 34 bliain d’aois: ‘Ba é mo rogha féin é.’
Dúirt sé freisin, áfach: ‘Ní raibh sé amhlaidh nach bhraith mé go bhfuil an cumas agam é a dhéanamh níos mó. Mothaím go hiontach i mo chorp, ach is é anois an t-am ceart dom dul amach ar mo théarmaí féin.
‘Ag imirt 90 nóiméad Dé Sathairn-Dé Máirt agus níor tháinig laghdú ar mo chumas, mar sin is cinnte nach rud coirp nó cumas é.
‘Is dóigh liom go bhfuil fachtóirí eile ann a thug orm an cinneadh seo a dhéanamh,’ a dúirt McClean.
‘Is dhá rud éagsúil iad mothú iontach ionat féin agus mothú a bheith ag daoine eile ionat.
‘Is mian le gach imreoir a bheith tábhachtach. Sin ceann de na fachtóirí a chinn mé anois gurb é an t-am ceart chun siúl amach.’
Dúirt McClean: ‘D’imir mé mo chéad chluiche ar 19 Feabhra 2012 agus bhí mé ainmnithe i ngach scuad go dtí an mhí seo caite. Mar sin, Ghortaigh sé sin mé.
‘Níor dhiúltaigh mé an glaoch riamh. Bhí amanna ann nuair a fuair mé instealltaí (injections), nuair a tháinig mé ar ais ó ghortuithe nuair nach raibh mé ceart, chun imirt d’Éirinn.
‘Chonaic mé leaids ag tarraingt amach le buille (knock) ach ag imirt dá gclub dhá nó trí lá ina dhiaidh sin. Ní raibh mise mar sin riamh.
‘Chreid mé i gcónaí gur tháinig mo thír roimh mo chlub,’ a dúirt McClean.
‘Mar sin, nuair a fágtar amach tú, is léir go ndéanann sé gortú duit. Ach is é an rud brónach ná níor ghortaigh sé mé an oiread agus a cheap mé a bheadh ann.
‘Toisc go raibh an smaoineamh agam cheana féin go raibh Samhain le bheith i mo cheann deireanach ar aon nós, agus dúirt mé leis an mbainisteoir é sin. Mar sin, sin mar atá,’ a dúirt McClean.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.