Tá cead pleanála tugtha ag The Edge do theach teaghlaigh nua ag Sorrento Cottage i Deilginis – dhá scór bliain tar éis do phleanálaithe diúltú dó.
Dúirt Rannóg Caomhantais Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin gur chuir siad fáilte roimh mholadh an ghiotáir U2, The Edge, an teach cónaithe bunaidh i ndeisceart Bhaile Átha Cliath a athchóiriú.
Tá an cead pleanála tugtha do The Edge breis is dhá scór bliain tar éis dó teipeadh cead a fháil chun an suíomh ar Bhóthar Vico agus Bhóthar Sorrento a fhorbairt. Tá sé os cionn Chuan Chill Iníon Léinín (Killiney Bay).
Áirítear le plean nua, stiúideo taifeadta agus teach folctha ar leith ina bhfuil ‘plunge pool’ agus ‘sauna’.
‘Tá Sorrento Cottage folamh ó lár na 1990idí agus tá sé ráite ag ODAA Architects leis an gComhairle gurb é an sainchúram a bhí orthu ‘an struchtúr reatha a thabhairt ar ais in úsáid mar phríomháit chónaithe ár gcliant’.
Dúirt siad go mbeadh ‘tionchar dearfach aige ar charachtar amhairc an cheantair’.
Ar phlean don suíomh de 2.75 acra – atá in aice le Sorrento Terrace – tá bothán slándála agus ‘riachtanais sábháilteachta do theaghlaigh Evans a bhaineann le gairm ardphróifíle an Uasail Evans’.
Tá sé éigeantach sábháilteacht 24 uair an chloig a chur ar fáil ar an láthair,’ a dúirt siad.
Beidh ‘cistine oscailte ann agus áit chónaithe (living area) nasctha leis ann.
Áiríonn an plean scartáil (demolition) ar roinnt struchtúr lena n-áirítear síntí (extensions) aon stóir, teach gloine, garáiste agus stórais seachtracha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.