Tá an tionchaire (influencer) Charleen Murphy tar éis cuir síos ar eachtra ‘cat calling’ uirthi i lár Chathair Bhaile Átha Cliath.
Chuaigh an réalta Instagram chuig na meáin shóisialta chun an t-iompar ‘uafásach’ a cháineadh.
Agus í ag machnamh ar an eachtra lena lucht leanúna, admhaíonn Charleen go n-airíonn sí ‘tinn’ tar éis eachtraí mar sin.
Ag labhairt di lena 222,000 leantóir, dúirt Charleen: ‘Ní féidir liom déileáil le fir áirithe.
‘Bhí mé sa mbaile uair an chloig ó shin ag lámhach culaith (shooting an outfit), agus bhí mé i mo sheasamh taobh amuigh, trasna an bhóthair ó bhialann, ag tógáil pictiúr agus bhí beirt fhear ina suí taobh amuigh di.
‘Bhí siad ag “cat calling” orm agus choinnigh siad ag feadaíl. Ní raibh a fhios agam gur mise a bhí i gceist acu ar dtús, mar sin d’fhéach mé thart agus bhí siad ag stánadh (staring) agus ag gáire.
‘Shocraigh mé neamhaird a dhéanamh air agus lean mé ar aghaidh ag tógáil mo chuid pictiúr … agus lean siad ar aghaidh á dhéanamh.
‘Ansin fuair siad a n-eochracha cairr – bhí a gcarr in aice liom, ní raibh a fhios agam gur leo iad ag an am, ach fuair siad eochracha a gcarr agus thosaigh siad ag glasáil agus ag díghlasáil a gcarr, agus mar sin choinnigh na soilse ar lasadh,’ a dúirt an podchraoltóir.
Ag roinnt a frustrachais dúirt Charleen: ‘Bhí siad ag cuir isteach go mór orm… mar sin bhí mé ag rá liom fhéin, “An chéad uair eile a ghlaonn siad orm, rachaidh mé suas chucu chun rud éigin a rá leo”.
‘Lean siad ar aghaidh, bhí mé ar buile ag an bpointe sin. Sílim go bhfuil rudaí mar sin uafásach.
‘Chuaigh mé suas chucu agus dúirt me: “Tá a fhios agaibh go mbíonn cailíní míchompordach i ndáiríre le sin, an bhféadfá stop a chur leis.” Ach bhí siad ag rá: “Ah, cheapamar go raibh tú go hálainn”.’
In ainneoin gur iarr sí orthu stopadh, lean na fir ar aghaidh, agus Charleen ag éirí níos míchompordach leis an idirghníomhú.
‘Bhí na fir seo b’fhéidir 30/40 bliain d’aois dála an scéil, ba chóir go mbeadh tuiscint níos fearr acu. Lean siad ar aghaidh leis. Bhí mise ar buile, níl fhios agam cad a chuaigh trí m’intinn.
‘Níor dúirt mé faic leo, chuaigh mé díreach isteach sa bhialann – níl a fhios agam cad a cheap mé go raibh siad ag dul a dhéanamh, ach níor theastaigh uaim ach a chur in iúl dóibh go raibh siad ina suí taobh amuigh dá mbialann.
‘Bhí [foireann na bialainne] ag ligint le tuiscint, “Is daoine a mbíonn ann go rialta iad, déanann siad é seo go minic”.
‘Cad atá cearr le roinnt fear? Má cheapann aon duine atá ag féachaint air seo gurb é sin an chaoi a bhfaighidh tú bean riamh – níl sé.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.