Tá Barry, a bhfuil cáil air as a chuid cathanna le Brian Fenton as na Dubs, ag glacadh sos bliana
Tá imreoir lár páirce Chiarraí Jack Barry ag glacadh sos bliana le taisteal agus ní bheidh sé ar fáil do chlub, Na Gaeil, nó Ciarraí an bhliain seo chugainn.
Beidh Barry 29 bliain d’aois an mhí seo chugainn agus d’imir sé mionúir (2012), Faoi-21 (2015) agus sinsear ó 2017.
Chuir a chuid cathanna le réalta Bhaile Átha Cliath Brian Fenton i gcuimhne do lucht leanúna Chiarraí agus Bhaile Átha Cliath araon.
Jack Barry agus Con O’Callaghan
Gan aon ionadaí, de réir dealraimh, is cailliúint mhór a bheidh ag Barry do Chiarraí i lár na páirce.
Fáilteoidh bainisteoir Chiarraí, Jack O’Connor, roimh an iar-chaptaen Joe O’Connor, a d’imir i gcluiche ceannais áitiúil le Austin Stacks. Ní raibh sé in ann imirt ar feadh bliana toisc go raibh sé gortaithe.
Beidh O’Connor ag coinneáil súil freisin ar imreoirí ar nós Mark Ryan (An Ráth Mhór), Seán O’Brien (Beaufort) agus Gavin Horan (Baile an Mhuilinn/Caisleán Maine) chun an spás atá fágtha ag imeacht Barry a líonadh.
Tá cuireadh faighte ag imreoir eile de chuid Na Gaeil, Damien Burkechuig painéal traenála Sinsear Chiarraí.
Ach ar dtús beidh siad ag dul go Nua Eabhrac go luath ar shos cúig lá.
Tá Na Gaeil fós ag ceiliúradh tar éis dóibh a stádas sinsearach a choinneáil don tríú bliain le bua iontach in am breise ar Kerins O’Rahillys.
Jack O’Connor
Bhí beirt imreoirí Na Gaeil, Jack Barry agus Diarmuid O’Connor, ríthábhachtach do lár páirce Chiarraí faoi Peter Keane agus Jack O’Connor. Agus is laochra iad leis Na Gaeil ó 2017 i leith.
Rinne Barry a chéad chluiche sinsir le Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall in 2017 agus a chéad cluiche ceannais sa chraobh i gcoinne an Chláir an bhliain chéanna.
D’imir sé do Chiarraí 78 uair (31 uair sa chraobh agus 42 uair sa léig) agus d’imir sé sa dá Chluiche Ceannais na hÉireann 2019.
Bhuaigh sé a chéad bhonn Sinsearach i gCluiche Ceannais na hÉireann in 2022 tar éis do Chiarraí an bua a fháil in aghaidh na Gaillimhe.
Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuigConradh na Gaeilgeagus Foras na Gaeilge.