Ní bheidh ar Conor McGregor aghaidh a thabhairt ar chúisimh faoi líomhaintí ionsaí gnéis (sexual assault) i bhFlorida.
Dúirt ionchúisitheoirí (prosecutors) agus iar-dhlíodóirí curadh (champion) an UFC go bhfuil an cás tite tar éis imscrúdú póilíní.
Shéan McGregor éilimh ó bhean gur ionsaigh sé í i leithreas ag cluiche cispheile ag Ionad Kaseya i Miami i mí an Mheithimh.
I ráiteas, dúirt a dlíodóir Barbara Llanes: ‘Tar éis imscrúdú críochnúil, lena n-áirítear athbhreithniú ar fhíseáin agus agallaimh le finnéithe súl, chinn na húdaráis nach bhfuil aon chás le leanúint i gcoinne mo chliant, Conor McGregor.
‘Mar a bhíothas ag súil leis, deimhníonn cinneadh na n-údarás cuntas an Uasail McGregor.
‘Thar ceann mo chliaint, a mhuintire agus a lucht leanúna tá áthas orainn go bhfuil sé seo thart anois.’
Dheimhnigh oifig an aturnae stáit an cinneadh gan leanúint ar aghaidh leis na cúisimh.
Chuir an bhean i leith McGregor as í a bhrú isteach sa seomra folctha agus dúirt sí nach ndearna an fhoireann slándála (security staff) aon rud chun cabhrú léi.
Níor throid McGregor ó ghortaigh sé a chos chlé i gcaillteanas do Dustin Poirier i mí Iúil 2021. Bhí an bua deireanach aige i mí Eanáir 2020.
Deimhníodh an tseachtain seo caite go raibh céim glactha aige i dtreo filleadh trí dhul isteach arís i gclár tástála Ghníomhaireacht Frithdhópála (Anti-Doping Agency’s testing programme) na Stát Aontaithe.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.