Tá ráite ag Dolly Parton gur mhothaigh sí ‘ceangal i gcónaí’ le Sinéad O’Connor agus dúirt sí go raibh ‘fuath aici cloisteáil’ faoi bhás an amhránaí.
Fuair Sinéad bás i mí Iúil, agus í díreach 56 bliana d’aois.
Ag labhairt di le Katie Hannon ar Liveline ar RTÉ Raidió 1, ar tráthnóna Dé Máirt, d’inis Dolly Parton faoina smaointe maithe faoin amhránaí Éireannach.
Dúirt an réalta amhránaíochta an cheoil tíre, atá 77 bliain d’aois: ‘Tá a fhios agam go raibh saol crua aici ach d’fhéadfá é sin a insint ina cuid ceoil; d’fhéadfá a rá gur fhulaing sí go leor agus uaireanta déanann sé sin na hamhránaithe is fearr – daoine a bhfuil cónaí orthu mar a bhfuil siad ag canadh.’
Dúirt an t-amhránaí is cumadóir Meiriceánach go bhfuil an t-amhrán a rinne Sinéad coitianta, Nothing Compares 2 U, ar cheann de na hamhráin is fearr léi.
Labhair sí freisin ar na rudaí a bhí i bpáirt aici le Sinéad.
‘Rinne mé ceann d’amhráin Prince i m’albam nua rac-cheoil ar a dtugtar Rockstar, agus rinne mé Purple Rain. Is breá liom a chuid scríbhneoireachta agus is breá liom leagan Sinéad de sin,’ a dúirt Dolly le Katie Hannon.
Chuaigh Dolly ar aghaidh ag meabhrú ar thuras a rinne sí go hÉirinn roimhe seo.
Sheinn an t-amhránaí i dteach tábhairne Pháidí Ó Sé i gCiarraí, agus mar thoradh air sin bhronn Páidí geansaí a bhí á chaitheamh aige chun cabhrú le Ciarraí Craobh na hÉireann a bhuachan.
‘B’fhéidir go mbeadh a fhios aige go bhfuil an geansaí sin agam i bhfráma atá ar crochadh san íoslach (basement) agam, is é sin mo sheomra caitheamh aimsire ina bhfuil mo chuid cluichí agus sin ar fad ann,’ a dúirt sí.
‘Agus fiafraíonn gach éinne faoin ngeansaí mór glas sin táim an-bhródúil as sin.’
Ní fada ó thug an láithreoir teilifíse Lucy Kennedy le fios go raibh Sinéad chun a bheith ina haoi ar Living With Lucy.
Don seó, bogann an láithreoir teilifíse isteach le pearsana aitheanta éagsúla, chun léargas a fháil ar a saol laethúil agus ar a dtithe.
Bhí Sinéad ar dhuine de na haíonna ba mhó a raibh tóir ag Lucy uirthi, agus bhí idirbheartaíocht ar siúl maidir le heachtra a bhí le déanamh, ach ní bhfuair siad deis é a dhéanamh.
‘Labhair muid léi an tsraith roimh an gceann seo faoi, agus bhí sí go hiomlán ar bord,’ a dúirt Lucy.
‘Ag an am, ní raibh sí in ann ach bhí sí sásta é a dhéanamh.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.