Tá deireadh le réimeas Pauw mar bhainisteoir na hÉireann

29/08/2023

Bhí súil ag Pauw fanacht mar bhainisteoir tar éis di mná na hÉireann a threorú chuig Corn an Domhain

Níl an FAI tar éis conradh Vera Pauw le foireann ban na hÉireann a athnuachan.

Thug Pauw Éire go Corn an Domhain don chéad uair agus bhí sí dóchasach go bhfanfadh sí do chluichí Sraithe na Náisiún UEFA agus do chluichí cáilithe Euro 2025 atá le teacht.

Vera Pauw
Vera Pauw

Rinne bord an FAI a gcinneadh tar éis dóibh teacht le chéile Dé Máirt chun tuarascál iomlán a phlé ar fheachtas cáilíochta na foirne i gCorn an Domhain.

Ghabh an Príomhfheidhmeannach Jonathan Hill buíochas le Pauw, 60, as a cuid oibre crua agus a thiomantas le ceithre bliana anuas.

Dúirt sé: ‘Go háirithe, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don ról a bhí aici in Éirinn a threorú chuig Corn Domhanda na mBan FIFA 2023, áit a ndearna foireann na mban obair íontach agus a spreag an náisiún.’

Dúirt sé freisin: ‘Is geal an todhchaí do pheil na mban agus na gcailíní agus tá ár bhfócas anois ag cuir leis an obair atá déanta ag Vera agus ar éachtaí stairiúla fhoireann na mban.’

Katie McCabe
Katie McCabe

Níor éirigh le hÉirinn na céimeanna buaite a bhaint amach ach d’éirigh go maith leo sa chomórtas, ag cailleadh go dtí an Astráil agus Seaimpíní Oilimpeacha Cheanada sular bhain siad 0-0 leis an Nigéir.

Bhí argóint ar an bpáirc ag Pauw le captaen fhoireann na hÉireann Katie McCabe le linn chluiche na Nigéire, rud a d’eascair go leor tráchtanna poiblí.

Spreag McCabe Pauw chun athruithe a dhéanamh sna céimeanna deiridh den chluiche, dhiúltaigh Pauw, agus dúirt sí ina preasagallamh iar-chluiche nach raibh McCabe ina chóitseálaí.

Rinne McCabe tvuít amach ina dhiaidh sin le emoji le ‘zipped-mouth’.

Denise O'Sullivan i gCorn an Domhain
Denise O’Sullivan i gCorn an Domhain Pic: Stephen McCarthy/Sportsfile

Bhí Pauw ag plé freisin le líomhaintí a rinneadh fúithi ó bhí sí ina bainisteoir i Meiriceá ar Houston Dash i Texas.

I mí na Nollag ainmníodh í i dtuarascáil a líomhnaigh go ndearna sí náire ar imreoirí ó mhí na Samhna 2017 go dtí Meán Fómhair 2018 as a meáchan agus go ndearna sí iarracht smacht a chur ar a gcuid nósanna itheacháin. Shéan Pauw gach líomhain go dian.

Tosóidh an FAI anois ag lorg bainisteoir roimh an gcéad chluiche idir Éirinn agus an tSraith Náisiún in aghaidh Thuaisceart Éireann ag Staid Aviva ar an 23 Meán Fómhair.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram