

Beidh Craobh Chumann Rásaíochta Amach ón gCósta Iarthar na hÉireann (West of Ireland Offshore Racing Association) ar siúl ar Oileáin Árann ón gCéadaoin an tseachtain seo go dtí an Satharn, 5 go 8 Iúil.
Glacfaidh díograiseoirí seoltóireachta ó Fhianait, Fhaing (Foynes), Chill Rois (Kilrush), Gaillimh, Cathair na Mart (Westport) agus Sligeach páirt ann.

Téann stair na seoltóireachta amach ó Oileáin Árann siar go dtí an uair a cláraíodh na huiscí seo den chéad uair agus ba í Cill Éinne an t-aon chuan ar Árann.
Suite ag góilín fada caol, ar an taobh thoir den oileán is anseo a thóg Óglaigh Chromail (Cromwell’s soldiers) Chaisleán Airc chun an t-oileán a smachtú.
Ní go dtí 1831 a tógadh an ché beag i gCill Rónáin.
Nuair a shroich na 40 bád seoil Cill Rónáin don chéad imeacht de chuid Chumann Rásaíochta Amach ón gCósta Iarthar na hÉireann in 2017, ba chuid de thraidisiún iad mar go raibh traidisiún bád seoil agus a chlós bád féin ag Árann tráth.
Sa naoú haois déag bhí thart ar 40 bád seoil ag iascaireacht as Cill Éinne.
Ach tháinig laghdú ar na báid seoil seo i bhfabhar an churrach a d’fhéadfaí a sheoladh agus a thabhairt i dtír i ndeireadh an lae ag pointe ar bith ar chladach thuaidh Árann.
Bunaíodh Cumann Rásaíochta Amach ón gCósta Iarthar na hÉireann i 1972 mar chumann de chlubanna seoltóireachta feadh chósta an iarthair ó Shligeach go Ciarraí, lena n-áirítear an tSionainn agus rothlaíonn na craobhchomórtais idir na clubanna seo gach bliain.
Mar gheall ar a fhairsinge leathan uisce a d’oir do gach cineál rásaíochta, ancaireacht shábháilte agus áiseanna ar an gcladach chun freastal ar chriúnna, lucht tacaíochta agus imeachtaí eile, bhí áit tharraingteach d’ócáidí seoltóireachta ar Árann.
Chun sonraí uile na hócáide a fháil, téigh chuig www. gbsc.ie/wiora2023.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.