Is dócha go mbeidh Manchester United ag imirt i mBaile Átha Cliath i gcluiche cairdiúil roimh an séasúr (pre-season friendly) i mí Lúnasa, de réir tuairisce ó The 42.
Thuairiscigh an 42 go bhféadfaí cluiche sa Staidiam Aviva a fhógairt chomh luath agus an tseachtain seo chugainn, agus go bhféadfadh sé a bheith ar cheann de na cluichí ‘warm-up’ deiridh ag Erik ten Hag sula dtosóidh sé ar a dhara feachtas sa Premier League i gceannas in Old Trafford.
Tá an Premier League 2023/24 le tosú ar an deireadh seachtaine 11-13 Lúnasa, agus fógrófar liosta na gcluichí ar Déardaoin seo chugainn, 15 Meitheamh.
Thug Manchester United cuairt go deireanach ar Staidiam Aviva in 2017, nuair a thug siad aghaidh ar thaobh na hIodáile, Sampdoria.
Bhí díoma ar Manchester United ag deireadh feachtas 2022/23, an deireadh seachtaine seo caite, nuair a bhí an bua ag iomaitheoirí Manchester City orthu i gcluiche ceannais Chorn an FA.
Cuirfidh siad tús le hullmhúcháin don séasúr nua go luath nuair a rachaidh siad ar camchuairt timpeall na Stát Aontaithe an mhí seo chugainn.
Imreoidh foireann Ten Hag Arsenal i Nua-Eabhrac ar an 22 Iúil, agus beidh siad in aghaidh Real Madrid in Houston ceithre lá ina dhiaidh sin.
Cuirfear críoch lena dturas trasna an Atlantaigh ar 30 Iúil nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Borussia Dortmund.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.