Tá Katie Taylor fós ag iarraidh troid i bPáirc an Chrócaigh, a deir Hearn

Creideann Eddie Hearn go fóill gur féidir le Katie Taylor an troid a theastaíonn uaithi a bheith aici i bPáirc an Chrócaigh.

Ach d’admhaigh an ‘promoter’ go bhfuil gá le ‘pleanáil níos fearr’ má tá comhaontú le déanamh leis an CLG.

Is i gcoinne Chantelle Cameron a bheidh bout gairmiúil ina bhaile féin ag Taylor, a bhí sí ag súil leis le fada, ag an 3Arena Dé Sathairn seo chugainn.

Cuireadh Páirc an Chrócaigh as an áireamh tar éis don idirbheartaíocht idir na tionscnóirí Matchroom agus CLG teacht ar achrann.

Ag labhairt dó ag cleachtadh poiblí an dornálaí as Bré, i gCearnóg Pembroke i mBaile Átha Cliath, dúirt cathaoirleach Matchroom, Hearn, nach raibh sé féin agus Taylor ag éirí as an smaoineamh troid a reáchtáil sa staidiam is mó in Éirinn.

katie FEAT 768x448 1
Katie Taylor

‘Chríochnaigh muid in áit do 8,500 duine, leis an líon is mó daoine ag an 3Arena i stair an áit,’ a dúirt Hearn.

‘Is iontach an rud é sin nuair a smaoiníonn tú ar na himeachtaí a bhí ann.

‘D’fhéadfaimis dul go Páirc an Chrócaigh ach ar ndóigh bhí orainn praghas difriúil a dhéanamh air i réimse níos lú le cinntiú go bhfuair Katie agus Chantelle an méid a bhí tuillte acu.

‘Ach níor ghéill muid dó sin ag an am céanna.

‘Is oíche Dé Sathairn atá an fócas ar fad ach tá uaillmhianta fós againn.

‘Tá uaillmhianta ag Katie go fóill le haghaidh troid I staidiam in Éirinn ach beidh orainn a fheiceáil cad a tharlóidh Dé Sathairn.’

Beidh an troid Dé Sathairn uaireanta tar éis chluiche ceannais Chorn na Seaimpíní i Staid Aviva agus thug Hearn faoi deara go mbeadh pleanáil níos fearr ag teastáil dá mbeadh troid i bPáirc an Chrócaigh.

‘Ní raibh an deireadh seachtaine seo iontach mar gheall ar an rugbaí anseo,’ a dúirt sé.

‘Ní inseoidh mé duit cad a chaith muid ar óstáin an tseachtain seo!

‘Le pleanáil níos fearr thart ar an deireadh seachtaine faoi leith ceapaim go bhféadfaimis margadh níos fearr a chur i bhfeidhm le Páirc an Chrócaigh.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram