

Tá Sarah McInerney tar éis éirí as an rás le teacht in áit Ryan Tubridy ar an Late Late Show, in ainneoin gurb í rogha na geallghlacadóirí chun an post a fháil.
Tagann an nuacht lá díreach tar éis do Claire Byrne a rá nach bhfuil sise ag iarraidh a bheith an chéad ban-óstach ar an seó.
Measadh ag an am sin go raibh sise ar an rogha is fearr chun an gig a fháil.

Ag labhairt di ar Twitter, dúirt McInerney lena lucht leanúna gur chuir sí a cinneadh in iúl do cheannasaithe RTÉ roinnt seachtainí ó shin.
Rinne sí tráchtanna greannmhara ar an ról, chuir sí í I gcomparáid le Late Late Show eile, agus rinne sí magadh bog ar nádúr éadrom an phoist i gcomparáid lena ról dáiríre mar iriseoir polaitiúil.
Rinne McInerney magadh freisin ar an ‘succession race’ do phost Ryan Tubridy.
Scríobh sí: ‘Ba mhaith liom a dhearbhú nach bhfuil mé ag glacadh le The Late Late Show ó Ryan Tubridy ná ó James Cordon (a chuireann The Late Late Show i láthair ar CBS ar theilifís Mheiriceá). Agus níor lorg mé Waystar ó Logan Roy (an príomhcharachtar sa tsraith teilifíse Succession).

‘Cé gur mhealltach (enticing) an t-ionchas go gcuirfí ceisteanna diana (grilling) ar leanaí óga thar a gcuid roghanna bréagán gach Nollaig, chuir mé in iúl do bhainistíocht RTÉ cúpla seachtain ó shin nach mbeidh suim agam sa phoist.
‘Tá toghchán ag teacht, b’fhéidir an bhliain seo chugainn. Beidh Prime Time agus Drivetime i gcroílár chlúdach RTÉ. Cosúil le gach nerds polaitiúil, ní féidir liom fanacht,’ a scríobh McInerney.

Tar éis Sarah McInerney ba é Patrick Kielty an chéad duine eile a bhí molta don ról, ag corrlach (odds) 2/1.
Chomh maith leis sin sa rás tá Baz Ashmawy ag 8/1, agus tá Dara Ó Briain, Jennifer Zamperelli, Tommy Tiernan agus Angela Scanlon ar fáil ag 20/1.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.