Tá buachaill as Éirinn, le uathachas (autism), tar éis a thaispeáint do Simon Cowell go bhfuil a dhraíocht go hiontach.
Agus dúirt an buachaill leis an lucht féachana freisin, ‘nach bhfuil an t-uathachas ina míchumas (disability), ach is cumas (ability) é’.
Fuair Cillian O’Connor, 13, moladh seasta (standing ovation) ó na moltóirí ar fad ar Britain’s Got talent.
Sheas an lucht féachana chun bualadh bos a thabhairt do Chillian, freisin, i ndiaidh a ghnímh draíochtan (magic act).
Chuaigh an buachaill, arb as Baile Uí Mhornáin (Mornington) i gContae na Mí dó, i bhfeidhm ar Simon Cowell go háirithe.
Léigh sé intinn Cowell agus d’inis sé dó go raibh sé ag smaoineamh ar chárta imeartha Seven of Diamonds.
Bhí sé in ann a thuar freisin go raibh 2,500 glóthach pónaire (jellybeans) i bpróca (jar) ina suí ar dheasc na moltóirí.
‘Wow, tá tú thar a bheith cumasach. Dáiríre. Nuair a chonaic mé é sin bhí mé “freaked out”,’ a dúirt Cowell nuair a luaigh Cillian an líon ceart pónairí glóthacha.
‘Tá rud éigin iontach dochreidte fút agus creidim sa draíocht agus is taibheoir iontach, iontach, iontach thú,’ a dúirt Simon.
Labhair Cillian, atá as Countae An Mhí, faoina uathachas chomh maith.
‘Sula raibh an draíocht agam bhí mo scileanna sóisialta an-dona,’ a dúirt sé.
‘Bhí mé i gcónaí ag iarraidh a bheith sa chúinne liom féin. Níor mhaith liom a bheith taobh istigh de 50 troigh ó aon duine eile,’ arsa Cillian.
‘Bheadh mo chosa ar crith (shaking), bheadh mo lámha ar crith.’
Ní amháin Cowell a bhí sásta le Cillian. Dúirt Amanda Holden, agus í mothúchánach: ‘Bhí tú iontach. Go hiomlán iontach, “showmanship” iontach.
‘Tá lúcháir orm gur athraigh an draíocht do shaol agus gur thug sí an oiread sin muiníne duit.
‘Ach thar aon ní eile is sárréalta thú.’
Mhol Alesha Dixon ‘paisean agus pearsantacht’ Cillian agus dúirt go ndearna sé ‘soiléir do chách an méid a chiallaíonn an draíocht seo’ dó.
Mhol an breitheamh nua, Bruno Tonioli, Cillian freisin, ag rá: Bhí mé lán-tógtha leis an méid a bhí á dhéanamh agat. Do dhuine chomh óg is cáilíocht dochreidte é. Tá todhchaí iontach romhat.’
Tar éis do na breithiúna ar fad vótáil chun é a chur tríd go dtí an chéad bhabhta eile, rith Elaine, máthair Chillian, ar an stáitse chun barróg a thabhairt dó.
Ag labhairt dó roimh a thaispeántas dúirt Cillian: ‘Ba mhaith liom a bheith i mo dhraíodóir. Is é an rud is maith liom faoin draíocht ná déanaim iarracht aoibh gháire a dhéanamh ar dhaoine.’
D’admhaigh Cillian freisin nach raibh sé ‘in ann idirghníomhú le daoine’ nuair a bhí sé níos óige.
Mhínigh sé: ‘Bhraith mé beagán folamh, neamhiomlán. Mhothaigh mé dofheicthe. Tar éis draíocht a thuiscint tháinig athrú ar mo shaol.
‘Bhí sé cosúil le lasc solais ag teacht ar mo cheann. Fuair mé bealach chun idirghníomhú le daoine trí mo dhraíocht.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.