Sraith peile: Tá na Jacks ‘back’… ach tá Gaillimh fós le teacht

04/04/2023

Tá na Jacks ‘back’, agus tá Gaillimh fós le teacht. Sin an rud atá os comhair lucht leanúna na peile, leis an tSraith ag críochnú agus an Chraobh ag tosú.

Mar a tharla san iománaíocht le tamall anuas, tá an méid a tharla i Roinn 2 den tSraith peile díreach chomh suimiúil le Roinn 1.

Mheabhraigh tráchtaire TG4 Marcas Ó Buachalla dúinn ar Dé Domhnaigh gur chaill Áth Cliath ach le pointe amháin in aghaidh Chiarraí i gcluiche leathcheannais na Craoibhe na bliana seo caite.

Mar sin dá mbeadh Baile Átha Cliath imithe faoi Dessie Farrell, ní raibh siad imithe rófhada.

Is féidir leis an tSraith a bheith mealltach (deceptive) mar go n-úsáideann bainisteoirí í mar thréimhse traenála, ach is féidir leis sin a bheith contúirteach san fhormáid nua, mar a fuair Áth Cliath amach anuraidh agus seans go bhfuair Ciarraí amach i mbliana.

dessi farrellFEAT 768x448 1
Dessie Farrell Pic: Piaras Ó Mídheach/Sportsfile

Ní raibh Sraith mhaith ag Ciarraí i Roinn 1 agus ní raibh Sraith mhaith ag Baile Áth Cliath sa chuid is mó de Roinn 2.

Tháinig siad sa dara háit i bpointí ach bhuaigh siad in aghaidh Dhoire sa chluiche ceannais agus mar sin beidh Doire agus Baile Áth Cliath i Roinn 1 an bhliain seo chugainn.

Mar sin féin tá na Jacks ‘back’ ar bhealach eile freisin.

Scóráil Baile Áth Cliath ceithre chúil in aghaidh Dhoire agus tháinig dhá cheann acu sin ó laochra Bhaile Átha Cliath Paul Mannion agus John Small.

Agus mar a mheabhraigh Marcus dúinn, ná bac leis an sorcas thart ar Stephen Cluxton, bhí Con O’Callaghan agus Brian Fenton ag imirt go hiontach ar Dé Domhnaaigh. Bhí Ciaran Kilkenny ina cheannaire agus ina scórálaí pointe, fiú trí na drochaimsirí.

ciaran kilkennyd
Ciaran Kilkenny

Agus cé nach raibh sé gníomhach ar an Domhnach tá Jack ar ais freisin. Jack McCaffrey.

Bhain an lucht leanúna a bhí ann do chluichí ceannais Roinn 1 agus Roinn 2 i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh taitneamh as dhá chluiche mhaithe.

Tugadh ómós speisialta freisin do laoch Bhaile Átha Cliath Jimmy Gray a fuair bás an tseachtain seo caite.

Beidh díomá ar lucht leanúna na Gaillimhe áfach. Sin foireann a chuireann Ciarraí faoi bhrú. Bhuaigh Maigh Eo ina gcoinne 0-14 in aghaidh 0-11, áfach, le bheith ina seaimpíní Roinn 1.

Agus i Roinn 2 tháinig Baile Áth Cliath ina seaimpíní nuair a bhuaigh siad in aghaidh Dhoire 4-06 in aghaidh 0-11, cé go raibh Doire ar bharr na Roinne sin i ngach babhta.

Do na Dubs ba iad ceithre chúilín an dara leath a bhuaigh an cluiche. Bhíodar ag cailleadh in aghaidh seaimpíní Uladh ag leath-am.

Mar sin féin, rinne na cuíl ó Mannion agus Small, chomh maith le Killian O’Gara agus Lorcan O’Dell an difríocht.

Is cinnte go mbeidh Doire mar fhoireann le breathnú orthu le linn na craobhchomórtais, ach éacht costasach a bhí ann d’fhoirne Uladh le Dún na nGall agus Ard Mhacha ag dul síos go Roinn 2.

I gcluiche mór an lae, cluiche ceannais Roinn 1, ba iad Maigh Eo na buaiteoirí. Ba é a 13ú teideal Roinn 1 agus an chéad cheann acu ó 2019.

Mar sin féin, tagann an bua le rabhadh. Ba é fear na himeartha cúl báire, Colm Reape, a rinne roinnt sábhála móra chun stop a chur le Gaillimh a bhuachan …. Agus scóráil sé trí phointe é féin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram