Stacey Solomon agus an teaghlach are saoire ‘draíochta’ in Abu Dhabi ach lucht leanúna scoilte faoi

Tá Stacey Soloman á moladh as a cúigear leanaí, a leanbh nua san áireamh, a thabhairt ar thuras saoire fada go hAbu Dhabi.

Mar sin féin, bhí cuid dá lucht leanúna cáinteach faoina rogha ceann scríbe saoire a bhi ag Stacey.

D’admhaigh an t-amhránaí agus pearsantacht teilifíse go raibh sí ‘neirbhíseach’ (nervous) toisc gurbh é an chéad uair ar eitleán do leanbh Belle agus Rose, atá bliain d’aois.

Phostáil an láithreoir Loose Women pictiúr den teaghlach ar fad san aerfort agus iad ar fad an-sásta.

Ach scríobh lucht leanúna amháin: ‘Is breá liom thú Stacey, ach ní thabharfainn mo chuid airgid do réimeas uafásach na dtíortha sin agus sáruithe (violations) uafásacha ar chearta an duine.’

Stacey agus a teaghlach ag an aerfort
Stacey agus a teaghlach ag an aerfort

Dúirt duine eile: ‘Cén fáth a bhfuil daoine cáiliúla na meán sóisialta seo go léir ag dul go dtí an UAE le mí-úsáidí uafásacha cearta daonna ann? Cuireann sé brón orm don tsibhialtacht nua-aimseartha.’

Ach bhí an chéad lá gnóthach do Stacey agus an teaghlach nuair a chuaigh siad chuig páirc téama Warner Bros le haghaidh lá spraoi.

Dúirt Stacey go raibh Rose ‘ag déanamh barróg (hug)  ar gach carachtar a raibh sí in ann teacht air, agus rith na buachaillí timpeall Gotham City ar feadh uaireanta’.

Sula ndeachaigh siad amach don dinnéar d’fhéach siad ar luí na gréine agus an láithreoir ag insint go raibh sí ‘chomh buíoch as na laethanta seo as baile’.

Thosaigh sé ar fad le Stacey ag postáil grianghraf agus ag scríobh: ‘Here We Go. Amach ar ár gcéad eachtra le chéile… An chéad turas eitleáin de chuid Rose agus Belle agus sinne mar theaghlach ó roimh Covid nuair a bhí Rex cúpla mí d’aois.

Stacey agus a teaghlach
Stacey agus a teaghlach

‘Táimid ar fad ar bís le cuimhní speisialta a dhéanamh. Sílim go raibh mé an-neirbhíseach faoin turas ansin ach tá sé sábháilte agus fós slán againn.

‘Buíochas mór leis na paisinéirí áille a bhí chomh binn linne agus leis na páistí agus buíochas freisin leis na maoir aeir is cineálta a d’imir chomh deas le Rex agus Rose agus a chuir ar a gcompord.’

Tá triúr leanaí le chéile ag Stacey agus réalta Eastenders Joe Swash, Rex, Rose agus Belle. Tá Stacey ina máthair ag Leighton agus Zachary freisin agus is é Joe athair Harry, nach raibh an chuma air go raibh sé ar saoire teaghlaigh.

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram