Tá amhras mór ar Erling Haaland maidir le cluiche tábhachtach Manchester City i gcoinne Liverpool ag Staidiam Etihad Dé Sathairn.
Tá an réalta Manchester City ag streachailt le fadhb bléine (groin).
Níl Haaland tar éis traenáil lena fhoireann le dhá lá anuas, tar éis dó tarraingt amach as imirt don Iorua (Norway) an tseachtain seo.
NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO:
Spurs i ngéarchéim: Cosc ar
Stiúrthóir Peile Fabio Paratici
ar fud an domhain mar gheall
ar scannal airgeadais i Juventus
D’fhéadfadh Pep Guardiola seans a ghlacadh le Haaland, a bhfuil 42 cúl scóráilte aige cheana féin, agus Manchester City ag iarraidh teacht suas le Arsenel, atá ocht bpointe chun tosaigh orthu sa Premier League.
Ach dúirt athair Haaland, an iar-pheileadóir cáiliúil Alfie, go gcaithfidh sé traenáil a dhéanamh roimh imirt.
‘Is féidir leo seans a ghlacadh,’ a dúirt Alfie Haaland. ‘Ach mura bhfaigheann sé oiliúint cheart ní imreoidh sé.’
Chonaic an máinlia clúiteach (renowned surgeon) an Dr Ramon Cugat Halland, 22, in Barcelona.
Tá Phil Foden ar iarraidh ar Guardiola cheana féin tar éis obráid chun a aipindic (appendix) a bhaint.
NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO:
Scouts ó Man U ag an Aviva
chun féachaint ar Ferguson
Idir an dá linn, tá captaen Liverpool, Jordan Henderson ag moladh buanna Jude Bellingham, an t-imreoir óg Sasanach a bhfuil súil ag Liverpool é a mhealladh tar éis an tsamhraidh.
Dúirt Henderson go mbeadh sé ‘iontach’ imirt in éineacht leis ag Anfield an séasúr seo chugainn.
Bhí Bellingham ina réalta do chluichí Shasana in aghaidh na hIodáile agus na hÚcráine sna cluichí Euro 2024 le déanaí.
Bhí an réalta, 19, go hiontach freisin do Borussia Dortmund arís an séasúr seo, lena léirithe é ag cuidiú le taobh Edin Terzic teacht go barr an Bundesliga.
‘Is imreoir an-speisialta é agus ní féidir liom a aois ná a mheon a chreidiúint, an chaoi a dtéann sé i bhfeidhm ar an traenáil agus na cluichí, gach rud,’ a dúirt Henderson.
NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO:
Féach ar Keane ag taispeáint
fíorscil spóirt do laochra
sacair Shasana, iománaíocht!
‘Ní fhaca mé riamh é agus mar sin táim lánchinnte go mbeidh sé ina imreoir maith go leor ar feadh blianta fada amach romhainn.’
Tá caint i gcónaí faoi Bellingham ag filleadh ar an Premier League, le Liverpool agus clubanna móra eile go léir tar éis suim a léiriú in iar-ógánach Birmingham.
Dúirt Henderson: ‘Éist, níl uaim ach é a bheith ar an imreoir is fearr is féidir leis a bheith.
‘Ar ndóigh, dá mba Liverpool a bheadh ann bheadh sé sin iontach. Ach caithfidh sé a bheith ceart dó agus beidh gach club ar féidir leat smaoineamh air á lorg.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.