Troidfidh Katie Taylor i mBaile Átha Cliath ar an 20 Bealtaine – ach fós ní bheidh sé i bPáirc an Chrócaigh agus ní bheidh sé in aghaidh Amanda Serrano.
Ina áit sin, beidh sí ag troid Chantelle Cameron ag an 3Arena.
Is é Cameron an sealbhóir teideal marcmheáchan éadrom gan cheistiú (undisputed light welterweight) agus mar sin má bhuann Taylor beidh sí ina Curadh (champion) gan cheistiú i dhá mheáchan.
Cuireadh deireadh le plean an troid a bhí beartaithe ag Taylor maidir le filleadh abhaile tar éis gortú a bheith ag an gcomhraic Amanda Serrano.
NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO: Brolly agus Dunphy ar thaobhanna difriúla san aighneas faoi Lineker
Mar sin féin bhí an-dúil ag Taylor an dáta a líonadh agus, naoi lá ó shin, thug sí dúshlán don trodaire Sasanach Cameron ar Instagram.
‘Rachaimid, a Churadh, Chantelle Cameron, sásta dul suas meáchan don deis a bheith ina Curadh ar dhá mheáchan gan cheistiú,’ a scríobh Taylor.
Tá a mian aici ach ciallaíonn sé sin go mbeidh ar Taylor bogadh suas i meáchan anois chun troid le Cameron.
Bhuaigh Taylor i gcoinne Serrano i gcomhrac drámatúil ag Madison Square Garden i Nua-Eabhrac i mí Aibreáin seo caite.
Bhí sé sin an chéad chluiche dornálaíochta na mban a bhí mar an priomchluiche in sna ‘Gardens’ cáiliúla ina stair 140 bliain. Bhí an beirt chun bualadh le chéile arís i mBaile Átha Cliath go dtí gur tharraing Serrano siar.
Bhuaigh Cameron i gcoinne Jessica McCaskill as SAM le bheith ina curadh gan cheistiú ag an Etihad Arena in Abu Dhabi mí na Samhna seo caite.
‘Nuair a tharraing Serrano amach ba é seo an troid nádúrtha le déanamh,’ a dúirt Taylor.
‘Is é beirt Seaimpíní Domhanda gan cheistiú ag dul suas i gcoinne a chéile agus creidim gurb é sin an chéad uair a tharla sé sin riamh i ré nua-aimseartha an spóirt.
‘Tá daoine ag caint faoin troid seo le fada an lá anois agus mar sin tá an-áthas orm go bhfuil sé ag tarlú agus táim ag tnúth le bheith i mo chraobh dhá mheáchan gan cheistiú i mBaile Átha Cliath.’
Dúirt Cameron: ‘Mothaíonn sé surreal go bhfuil an troid ag tarlú i ndáiríre. Mothaíonn sé go bhfuil mo ghairm bheatha ghairmiúil ar fad bunaithe ar an troid seo agus níor shamhlaigh mé riamh go dtarlódh sé ar chúis amháin nó ar chúis eile.
‘Ní haon fhadhb dom a bheith ag dornálaíocht as baile anois agus is mór an rud é bheith ag dul isteach i gclós cúil Katie lena teacht abhaile. Tá áthas orm a bheith mar chuid den stair arís mar a bhí mé in Abu Dhabi.
‘Tá a fhios agam cad a bheidh mé ina choinne agus gur mise an ‘underdog’ ach is aoibheann liom sin.
‘Beidh an troid leictreach. Tá taithí ag an mbeirt againn, táimid beirt aclaí agus tá an bheirt againn ag teacht chun an bua a fháil.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.