Tá sé tugtha le fios ag Pep Guardiola gur ghabh sé leithscéal le Steven Gerrard as nó tuairimí a nocht sé faoin am a thit laoch peile Liverpool, i 2014, rud a chabhraigh le Manchester City an Premier League a bhuachan ó Liverpool.
Agus é ag freagairt ceisteanna faoi líomhaintí gur shárú Manchester City rialacháin airgeadais, bhí Pep ar buile agus d’fhiafraigh ‘An bhfuil an locht ar din orainn?’ agus é ag tabhairt do titim Gerrard i gcluiche 2014 i gcoinne Chelsea.
Is fada an lá in aigne lucht leanúna Liverpool; Thug sciorradh Gerrard deis do Demba Ba as Chelsea cúl a fháil, agus sa deireadh bhuaigh Chelsea an cluiche 2-0.
Thug sé sin seans do Manchester City, faoi bhainisteoir eile ag an am, níos mó pointí a fháil agus ar deireadh d’fág siad LIverpool taobh thiar agus lean siad ar aghaidh chun Premier League eile a bhuachan.
Toisc go mbaineann imscrúdú Manchester City leis an bhfráma ama ó 2009 go 2018, tá gach rath ar an bhfoireann san am sin á imscrúdú anois.
Mar sin féin, cé go raibh Pep faoi bhrú nuair a luaigh sé botún Gerrard, thug sé le fios go bhfuil leithscéal gafa aige le hiar-chaptaen Liverpool.
‘Gabhaim leithscéal le Steven Gerrard as mo chuid tuairimí gan ghá agus na rudaí a dúirt mé an uair dheireanach faoi,’ a dúirt Guardiola.
‘Tá a fhios aige go bhfuil meas agam air agus ar a shlí bheatha, ar a bhfuil déanta aige ar son na tíre seo ina bhfuil mé i mo chónaí agus ag traenáil.
‘Tá náire orm féin as an méid a dúirt mé mar níl sé tuillte aige.
‘Creidim go fírinneach sna tuairimí a chuir mé in iúl sa preasagallamh a rinne mé roimhe seo, chun mo chlub a chosaint, ach níor léirigh mé go maith do mo chlub ag cur a ainm sna tuairimí sin.’
Ina theannta sin, chuir Pep teaghlach Gerrard agus leanaí óga san áireamh ina leithscéal.
Mar fhocal scoir dúirt sé: ‘Ghabh mo leithscéal leis go pearsanta ach caithfidh mé é seo a dhéanamh anseo freisin.
‘Tá an-bhrón orm ar a shon, do Alex a bhean chéile, a pháistí, a theaghlach mar bhí sé seafóideach.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.