Ní bheidh Ballroom Bliss ar Dancing with the Stars, le Rory ag tabhairt oíche saor do Panti

12/02/2023

Beidh an banríon draig Panti Bliss ag damhsa gan an drag don chéad uair ar chlár Dancing with the Stars Dé Domhnaigh.

Agus beidh téama speisialta agus mothúchánach ann an Domhnach seo.

Bhi teannas an-ard agus tuairimíocht faoi cé a chuirfear abhaile ó cuireadh tús leis an ‘eliminations’. Ach is eisceacht í an tseachtain seo. Mar gheall go mbeidh na hiomaitheoirí ag tiomnú a ndamhsaí dóibh siúd a raibh tionchar acu ina saol, ní bheidh aon duine ‘eliminated’.

Dancing With The Stars 2023 Contestants 768x448 1

Agus beidh an bhanríon draig is mó tóir in Éirinn ag cur a Panti alter ego ar leataobh, agus ina ionad sin beidh sí ag damhsa mar Rory O’Neill in éineacht lena pháirtí rince Denys Simon.

Beidh siad ag déanamh paso double leis an amhrán ‘It’s a Sin’ ag na Pet Shop Boys. Agus tá a léiriú tiomnaithe don Ollamh Fiona Mulcahy; duine de na dochtúirí a thug cóir leighis dó nuair a diagnóisíodh den chéad uair le HIV é sna 1990idí.

Beidh laoch rugbaí na hÉireann Shane Byrne ag cur a dhamhsaí grinn ar leataobh nuair a bheidh sé féin agus a pháirtí rince Karen Byrne ag rince válsa do ‘We Are the Champions’ le Queen. Beidh an rince á thiomnú aige dá iar-chomhghleacaí Mumhan, Anthony ‘Axel’ Foley, a fuair bás go tobann agus é ar eitilt in 2015.

Tá Suzanne Jackson agus Brooke Scullion araon ag tiomnú a ndamhsaí dá dtuismitheoirí. Tabharfaidh Suzanne agus Michael Danilczuk ómós lena ndamhsa do thuismitheoirí Suzanne, ar chomóradh 40 bliain a bpósta, agus beidh Brooke ag rince an válsa dá máthair.

danceShane Byrne 6

Beidh Carl Mullan agus Kevin McGahern ag tiomnú a gcuid damhsaí dá bpáistí; Beidh Carl agus Emily Barker ag rince an ‘jive’ i dtiomantas dá mhac Daibhí, agus beidh Kevin ag rince paso double i dtiomantas dá iníon Wallis.

Déanfaidh fear Dhoire Damien McGinty machnamh ar a chuid ama ar Glee agus a dhamhsa féin agus Kylee Vincent de ‘Forever Young’ le Becky Hill a thiomnú do na cairde a bhí aige ar an seó.

Déanann Stephanie Roche agus Ervinas Merfeldas rince bálseomra comhaimseartha leis an amhrán le nRachel Platten ‘Fight Song’, agus beidh sé tiomnaithe do chomhpháirtithe Stephanie ar fhoireann sacair na hÉireann, le cuimhne ar leith acu ar 2017 nuair a bhí orthu bagairt dul ar stailc.

Beidh Dancing with the Stars ar siúl Dé Domhnaigh ag 7.30pm ar RTÉ a hAon agus ar an RTÉ Player

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram