Gabhadh Stokes don dara huair an mhí seo, de réir líomhaintí

Gabhadh iar-thosaí na hÉireann Anthony Stokes don dara huair an mhí seo tar éis de Ghardaí a beith ar thóir air arís, go moch ar maidin inniu (Dé Máirt).

De réir tuairiscí gabhadh an t-iar-imreoir sa Premier League, a bhfuil naoi gcaipín aige d’Éireann, i ndeisceart Bhaile Átha Cliath thart ar 3am inniu.

Tharla sé tar éis tuairiscí gur theip ar Volkswagen Golf R stopadh do ghardaí ag an M50, ag dul  ó dheas in aice le Cábán tSíle (Cabinteely) agus chuaigh gardaí sa tóir ina dhiaidh sin.

Stokes 2

Tar éis tóraíochta, a mhair timpeall 20 nóiméad, thángthas ar an bhfeithicil tréigthe in eastát tithíochta in aice le Baile Uí Lachnáin (Loughlinstown).

Chuardaigh Gardaí an ceantar agus gabhadh Anthony Stokes achar gairid uaidh.

Tugadh go stáisiún gardaí Dhún Droma (Dundrum) é maidir le cionta tráchta bóthair agus ceistíodh é ar amhras faoi thiomáint chontúirteach.

Tá an iar-peileadóir , atá 34 bliain d’aois, a chaith roinnt séasúir ag imirt do Celtic, cúisithe ó shin mar chuid den imscrúdú.

Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána i ráiteas: ‘Tá fear sna 30idí gafa agus cúisithe ag Gardaí tar éis eachtra a bhain le tiomáint chontúirteach i gceantar Chábán tSíle i mBaile Átha Cliath.

‘Tá sé le teacht os comhair cúirte Dúiche Dhún Laoghaire níos déanaí.’

Stokes 1068x623 1

Is é eachtra na maidine seo an dara huair laistigh de cheithre seachtaine a líomhnaítear go raibh Stokes taobh thiar den roth de ghluaisteán nár stopadh do ghardaí,

Go luath ar an 6 Eanáir, gabhadh é tar éis tóraíochta idir Cromghlinn (Crumlim) agus Séipéal Iosóid (Chapelizod)  i mBaile Átha Cliath inar líomhnaítear gur thiomáin sé go contúirteach agus gur rith sé trí shoilse dearga tráchta.

Aisghabhadh luach níos mó ná €4,000 de chóicín freisin i mbosca lámhainní na feithicle, agus gabhadh é níos déanaí ar amhras faoi chionta drugaí agus tráchta bóthair.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram