Tá pobal CLG i gCill Chainnigh faoi scamall bróin tar éis bás James ‘Shiner’ Nolan, iar-imreoir contae don fhoireann sinsear iomána.
‘Oibrí fíor-chrua’ a bhí sé agus ‘duine fíor-gheal’.
Bhásaigh an tUasal Nolan, a bhí 34 bliain d’aois, i dtimpiste feithicle aonair i gCill Chainnigh go moch maidin Dé hAoine.
D’imir sé mar lántosaí sa chúinne d’fhoireann sinsir Chill Chainnigh agus dá chlub áitiúil CLG Clara freisin.
Dúirt comharsa leis: ‘Táimid go léir trí chéile faoin scéala faoina bhás. Is pobal muid sa pharóiste, a sheasann go dúth le chéile. Bhain an scéala stangadh as gach duine. Bhí Séamas chomh cumasach sa spórt, gach spórt a d’imir sé. D’imir sé sacar do Bennettsbridge freisin.
‘Oibrí fíor-chrua a bhí i James agus ba bhreá leis an oiread sin daoine a bheith ina chuideachta mar ba dhuine fíor- ghealgháireach é. Ní féidir a rá cé chomh croíbhriste agus atá gach duine.’
Bhain tragóid mhór eile le teaghlach Nolan roinnt blianta ó shin, nuair a fuair beirt dá dheartháireacha níos sine bás i dtimpiste umar sciodair (slurry thank).
Bhí sé ina chol ceathrair freisin le Harry Byrne, a bhí 13 bliana d’aois, a fuair bás tar éis timpiste i gColáiste Naomh Ciarán i gcathair Chill Chainnigh i mí na Samhna 2021.
Tugadh an buachaill óg go dtí Ospidéal Ginearálta Naomh Lúcás tar éis dó a bheith buailte trí thimpiste ag sliotar sa chloigeann. agus é ag súgradh le cairde ag am lóin.
Go tragóideach, tharla an timpiste le James Nolan cúpla céad méadar ó a theach. Bhuail an carr a bhí á thiomáint aige balla sa Charn i nDún Lúiche (Carn in Dunbell), Co Chill Chainnigh ag 2.30am. D’fhógair na seirbhísí éigeandála go raibh sé marbh ag an láthair.
D’oibrigh an tUasal Nolan ar fheirm an teaghlaigh lena athair Gerry.
Tugadh a chorp go hOspidéal Ginearálta Naomh Lúcás i gCill Chainnigh agus eagraíodh scrúdú iarbháis in Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge.
Dúnadh an bóthar ar feadh roinnt uaireanta le go bhféadfadh Imscrúdaitheoirí Fóiréinseacha scrúdú a dhéanamh ar an láthair.
Tá gardaí ag iar ar aon duine a chonaic an eachtra teacht chun tosaigh. Iarrtar ar aon úsáideoir bóithre a bhí ag taisteal sa cheantar ag an am agus a bhféadfadh píosaí scannáin ceamara a bheith acu (lena n-áirítear dash cam) é a chur ar fáil do na gardaí (cliceáil anseo chun eolas teagmhála a fháil).
Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu dul i dteagmháil le Stáisiún Garda Bhaile Mhic Andáin ar 056 775 4150, Líne Rúnda na ngardaí ar 1800 666 111, nó aon stáisiún gardaí.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.