Vera Pauw an-feargach faoi na líomhaintí ‘weight-shaming’ agus tacaíonn an FAI léi

18/12/2022

Tá Vera Pauw dúshlánach  agus í ag rá go bhfuil sí ‘an-feargach’ faoi na líomhaintí ‘weight-shaming’ a rinneadh fúithi nuair a bhí sí ina cóitseálaí ag club SAM Houston Dash

Labhair cóitseálaí rathúil na hÉireann go poiblí don chéad uair, ó ainmníodh í, i dtuairisc 128 leathanach, ar mhí-iompar cóitseála i Sraith Náisiúnta Sacair na mBan (National Women’s Soccer League, NWSL) sa Stáit Aontaithe.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Tá meas ar Pauw mar gheall ar na buanna stairiúla ag foireann na hÉireann, i mí Dheireadh Fómhair, nuair a cháiligh mná na hÉireann do Chorn Domhanda na mBan don céad uair riamh.

Cuireadh ina leith sa tuairisc go raibh sí “ag déanamh náire ar mheáchan” (weight-shaming) imreoir amháin agus go raibh smacht comhéigneach aici ar nósanna itheacháin na n-imreoirí.

Mar chosaint láidir, ag ceanncheathrú an FAI, áfach, dhiúltaigh Ms Pauw na líomhaintí sin agus dhiúltaigh sí freisin don maíomh nár chomhoibrigh sí leis na himscrúdaitheoirí, a bhí ag cur  ceisteanna faoi liomhaintí drochíde san NWSL. Dúirt sí gur diúltaíodh iarratas di an t-agallamh a thaifeadadh.

vera2
Vera Pauw Pic: Stephen McCarthy/Sportsfile

Dúirt sí, ‘Má tá taithí agat ar mhí-úsáid cumhachta le 30 bliain anuas, agus ansin tá tú cúisithe tú féin as rud éigin atá go hiomlán contrártha leis an mbealach a chaith mé le himreoirí ar feadh mo shaoil, cuireann tú ceist ort féin ar dtús, as cén áit ar tháinig sé seo? Cén chaoi a bhfuil sé seo indéanta go dtarlaíonn sé domsa?

‘Agus ansin tosaíonn tú ag éirí an-feargach.’

Thug an FAI lántacaíocht do Vera Pauw agus labhair sí leis an bpríomhfheidhmeannach Jonathan Hill go hiomlán faoi.

Dúirt sí: ‘Bhí beagán díospóireachta ann faoi aghaidh a thabhairt ar an bpreas ach bhí mé ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an bpreas, mar bíonn mé oscailte agus macánta i gcónaí.’

Chuir sí i bhfios go láidir nach raibh a fhios aici ar aon cheann de na cúisimh go dtí gur tháinig siad chun solais go poiblí oíche Dé Céadaoin.

‘Chuir siad rudaí sa tuarascáil seo a raibh cúisithe agam astu agus níor chuir siad ceist orm fiú faoi. Go dtí an nóiméad sin, dhá lá ó shin, ní raibh a fhios agam cad iad na cúisimh a bhí siad chun cuir os mo chomhair.

‘Tá fearg ar leith orm go ndeir siad nár chomhoibrigh mé leo. Is é an rud is gnách nuair a bhíonn tú chun labhairt faoi rud éigin a imreoidh tionchar ar an gcuid eile de do shaol ná é a thaifeadadh, ach dúradh liom nach féidir leat a thaifeadadh, agus bhrúigh siad cnaipe, agus chuir siad deireadh leis an gcaint. Ach níorbh é sin mise ag diúltú comhoibriú.

‘Ba mise an té a mhol “video call” a dhéanamh. Ba mise an té a déarfadh “I wanted you to look me in the face”. Theastaigh uaim a bheith oscailte agus macánta, ionas go bhféadfadh siad aon rud a iarraidh orm. Tá fearg orm, fíor fhearg.’

Dúirt sí go ndéanfadh sí machnamh ar chaingean dlí a ghlacadh, mar a rinne a comharba (successor) ar Houston Dash, James Clarkson. Mar sin féin, níl sí cinnte fiú cén comhlacht a ndéanfadh sí beart ina aghaidh.

‘Táimid ag féachaint an bhfuil gá le caingean dlí. Ach cé a thógfá an cás dlí ina aghaidh? Na himreoirí? Na himscrúdaitheoirí? NWSL? Níl a fhios agam. Toisc gur féidir breathnú ar na rudaí atá scríofa mar thuairimí, fiú más rud é a d’fhéadfadh do shaol a mhilleadh, nó do ghairm bheatha ar a laghad.’

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram