‘Is paparazzo gach duine na laethanta seo’ – Ryan Tubridy ag cáineadh scannánú daoine poiblí gan chead

05/12/2022

Labhair Ryan Tubridy amach faoi dhaoine atá ag déanamh físeáin ar a bhfóin do dhaoine poiblí, gan a gcead ná a n-eolas.

Le frustrachas dúirt sé: ‘Is paparazzo gach duine na laethanta seo.’

Ag labhairt dó ar dtús faoi leas-cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain, Angela Rayner, agus í ag damhsa ag ‘DJ battle’ carthanachta, dúirt Ryan go bhfuil sé soiléir na hamanna a bhíonn cúinsí ceart go leor le scannánú, agus nuair nach mbíonn siad.

‘Angela Reyner, tá sí á dhéanamh ar son na carthanachta (charity), roghnaigh Matt Hancock dul isteach sa dufair (jungle), b’fhéidir nach mbeadh daoine polaitiúla eile chomh fonnmhar iad féin a scannánú go príobháideach nó gan fhios dóibh; agus téann sé sin isteach i gcríoch TikTok nó cibé rud.

paparazzi

N’fheadar, smaoiním dom féin go minic, cad is “fair play” ann agus cad is stuamacht (prurience) ann?’ a dúirt Ryan. ‘An scéal ná “Ba bhreá liom a fháil amach cad atá ar bun aige siúd nó cad atá ar bun aici siúd.” Agus ansin tá an muir neamhghnách sin do dhaoine poiblí le stiúradh (navigate) tríd.’

Dúirt Ryan freisin, mar go bhfuil ceamara de shaghas éigin ag fón gach duine, na laethanta seo, is féidir le gach duine a bheith ina mbaill den paparazzi – rud a chiallaíonn go bhféadfaí daoine poiblí a scannánú i ngan fhios dóibh féin, ag déanamh rud éigin nach bhfuil siad ag iarraidh go feicfidh daoine eile iad á dhéanamh. Agus na clipeanna sin á roinnt ar líne ar deireadh.

‘Tarlaíonn sé an t-am ar fad, á scannánú i ngan fhios,’ a dúirt Ryan. ‘Agus má théann sé sin suas ar líne, rud ar féidir a thárla go minic, níl le déanamh agat ach fiafraí díot féin cad atá “cool” agus cad nach bhfuil “cool”?

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram