Tá obráid ag teastáil ó Larry Mullen, agus insíonn Bono faoin teannas in U2

30/11/2022

Tá sé tugtha le fios ag an drumadóir U2, Larry Mullen, go bhfuil obráid ag teastáil uaidh chun leanúint ar aghaidh leis na drumaí a sheinm.

Bhí an drumadóir, a mhúin dó féin conas seinm, ag labhairt sula dtabharfar ómós don bhanna ag gradaim Kennedy Center an mhí seo chugainn.

Dúirt sé má tá an banna ag iarraidh seinm beo an bhliain seo chugainn, nach mbeidh sé in ann a bheith páirteach leo mar go dteastaíonn obráid neamhnochta uaidh.

I bpróifíl den bhanna, san Washington Post, leis an chéad agallamh a rinne Larry le seacht mbliana, luann sé go mbeidh obráid ag teastáil uaidh.

Labhair sé freisin faoin gcaoi a bhfuil rudaí ag athrú sa bhanna, ag rá gur ghnách leo gach rud a dhéanamh de réir coiste, ach sa lá atá inniu ann tá ceannaire amháin acu, cé go leanann na baill a gcosán féin.

bono 2
Bono

Dúirt sé: ‘Ní féidir leat é sin a dhéanamh ach amháin má tá tú sásta leis.’

‘Níl gach duine chun é a dhéanamh mar tá an praghas chomh hard sin,’ ar seisean. ‘Mar sin is dóigh liom gurb é an dúshlán atá ann ná níos mó flaithiúlachta.’

Dúirt sé: ‘I am autonomous and I value my autonomy.’

‘Ní sheinnim ar an mbileog iomann céanna. Nílim ag guí leis an leagan céanna de Dhia. Mar sin tá a gcuid teorainneacha ag gach duine. Agus ní dhéanfaidh tú é seo ach amháin má tá am iontach agat’

Labhair Bono freisin faoi argóintí sa ghrúpa i rith a gcuid ama le chéile, ag rá go dtagann an brú de ghnáth tar éis a n-albam is fearr.

u2larry mullen U2 2

‘Tagann muid gar do bhriseadh suas i bhfad níos minice ná mar a shílfeá,’ a dúirt Bono. ‘De ghnáth, tar éis na n-albam fíor-mhaith, toisc go bhfuil costas ag baint leo, i gcaidrimh phearsanta, toisc go bhfuil tú ag brú ar a chéile agus ar do theorainn.’

Dúirt sé go mbeidh a gcéad albam eile ‘Songs of Ascent,’ beagán níos ‘high-tempo’ ná mar is gnách, ach níl sé fógartha acu cathain a mbeidh sé ar fáil. Cé nach bhfuil sé cinnte go mbeidh sé an ar cur ar bith.

‘Tá mothú agam go bhfuil rud éigin againn,’ a dúirt Bono. ‘Sin má thig linn é a chur le chéile sna seisiúin seo chugainn.’

Dúirt sé gurb é an ‘unreasonable guitar record that we all want to make’.

‘Níl a fhios agam an féidir leat aird daoine a mhealladh le haghaidh albam iomlán. Ach b’fhéidir le haghaidh EP, nó amhrán amháin? Níl sé ag teastáil uainn ar na ‘pop charts’. Ach caithfimid daoine é a roinnt. Sílim go dteastaíonn sin uainn.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram