A leithéid de bhotún náireach! Comharthaí €1.2m a deir ‘Fáilte roimh Luimneach’ … go Luimneach

23/09/2024

Tá níos mó cánacha (taxes) curtha amú tar éis d’údarás áitiúil eile botúin a dhéanamh ina gcomharthaí nach ndéanfadh aon leanbh scoile

Bhí daoine áitiúla agus cuairteoirí ag magadh faoin gcomhairle áitiúil i Luimneach mar gheall comharthaí Gaeilge leis na focail ‘Fáilte roimh Luimneach’.

Dúirt Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh go bhfuil siad ‘ag glacadh céimeanna chun an earráid a cheartú’.

Dúradh gur ‘náire’ iad na comharthaí bóthair dátheangacha nach raibh ceart.

Tá beagnach 70 comhartha nua curtha i gceantair éagsúla mar chuid de Thionscadal Aimsithe agus Treoshuímh Luimnigh (Limerick Wayfinding and Orientation Project) ar luach €1.2 milliún.

Tá fadhb freisin leis an gcomhartha do Pháirc Thuamhan. Léiríonn na comharthaí ‘Páirc na Thuamhan’
Tá fadhb freisin leis an gcomhartha do Pháirc Thuamhan. Léiríonn na comharthaí ‘Páirc na Thuamhan’

Tá sé curtha in iúl, áfach, go raibh fadhbanna leis an nGaeilge ar na comharthaí; agus tá litriú cuid de na láithreacha mícheart freisin.

Tá beannacht ‘Welcome to Limerick’ ar go leor de na comharthaí.

Mar sin d’éirigh leo an Béarla ceart a chur ar na comharthaí.

Luann an leagan Gaeilge, áfach, ‘Fáilte Roimh Luimneach’. Mar sin bhíodar ag cur fáilte go Luimneach … go Luimneach! Níl ciall ar bith leis sin.

Tá fadhb freisin leis an gcomhartha do Pháirc Thuamhan. Léiríonn na comharthaí ‘Páirc na Thuamhan’.

Dúirt an Dr Síle Ní Choincheannain, léachtóir agus saineolaí Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, gur ábhar ‘náire’ iad na comharthaí nua d’aon duine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge nó sna logainmneacha Gaeilge.

Dúirt an Dr Ní Choincheannain: ‘Ní bheadh ​​sé seo inghlactha i dtír Eorpach ar bith eile maidir lena dteanga nó a logainmneacha féin, agus níor cheart go mbeadh sé inghlactha anseo.’

Ceann de na comharthaí i Luimneach
Ceann de na comharthaí i Luimneach

Dúirt urlabhraí d’Oifig an Choimisinéara Teanga go raibh an oifig ar an eolas faoin scéal agus go raibh siad i dteagmháil le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoi.

Dúirt Comhairleoir Olivia O’Sullivan as Fine Gael, áfach, gur ardaíodh imní faoi na comharthaí le linn pleanáil tionscadail.

‘Bhí muid cinnte go gcuirfí na ceisteanna seo ar fad ina gceart,’ a dúirt sí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: GAEILGE

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram