Labhair Nadia Dobrianska, bean ón Úcráin, atá líofa sa Ghaeilge faoina grá dár gcultúr.
Mar sin labhair sí freisin faoi na dúshláin atá roimh a teaghlach agus iad ag iarraidh a saol in Éirinn a atógáil.
Is mac léinn PhD i stair na hÉireann í Nadia a theith ó Chív go Co. Chorcaí i 2022.
Beidh sí le feiceáil i gclár faisnéise de chuid TG4, in éineacht lena hathair Leo.
Thit Nadia i ngrá leis an nGaeilge i bhfad sular thosaigh an cogadh san Úcráin.
Rinne sí iarrachtaí an Ghaeilge a fhoghlaim le linn a saoil mar dhuine fásta le hacmhainní teoranta.
I 2018, fuair sí maoiniú chun Gaeilge a fhoghlaim in Ollscoil na Banríona (Queen’s) i mBéal Feirste agus chuir sí spéis i saol an cheoil thraidisiúnta; agus seinneann sí an fheadóg mhór freisin.
Tar éis di filleadh ar Chív ó dhúchas, chuir an bhean óg isteach ar bhreisoideachas agus d’oibrigh sí le heagraíocht chearta an duine.
Tháinig athrú ar a saol, áfach, nuair a thug an Rúis ionradh ar a tír sa bhliain 2022.
D’fhill sí ar Éirinn ar ball, lena hathair Leo agus lena máthair, Olga.
Mar sin féin, chinn a deartháir Petro fanacht tusa bhaile agus dul isteach sna fórsaí cosanta san Úcráin.
Faraor, ceithre mhí tar éis bogadh go hÉirinn, fuair máthair Nadia bás go tobann.
Dúirt Nadia: ‘Tá sé deacair. Ní raibh muid ar fad le chéile nuair a fuair ár máthair bás agus níor éirigh linn sochraid dheas a bheith againn di fós.
‘Ní féidir le Petro an Úcráin a fhágáil le bheith linn mar is fear in aois na seirbhíse míleata é.
‘Tá go leor ceisteanna ann faoi conas is féidir linn tacú le gach duine sa teaghlach ach níl aon fhreagra éasca ann.
‘Táim dóchasach go mbeidh an Úcráin in ann í féin a chosaint ón Rúis, agus go mbeidh cineál éigin Úcráin ann agus go mbeidh sí saor agus gur féidir le daoine a bpáistí a thógáil gan buamaí ná foréigean.’
Tá súil aici go mbeidh sí in ann filleadh ar an Úcráin nuair a bheidh an cogadh thart.
‘Tá sos i mo shaol agus ní féidir liom a bheith fíor-sásta faoi rud ar bith mar gheall ar an gcogadh agus mar go bhfuil mo thír agus mo theaghlach i mbaol,’ a dúirt Nadia.
‘Táimid i dtost idir an gnáthshaol agus saol an chogaidh agus beidh muid mar seo go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an gcogadh.’
Ag labhairt dó ó Chív ar Zoom, bhain Petro sult as teacht le chéile gearr lena dheirfiúr agus a athair.
Tá sé dóchasach go mbeidh a theaghlach in ann maireachtáil faoi shíocháin ar deireadh.
Dúirt Leo: ‘Braithim mo mhac fada uaim, ní fhaca mé é le fada an lá agus tá súil agam go bhfuil sé ceart go leor.
‘A fhad is atá an cogadh ar siúl braithim go gcaithfidh mé a bheith in éineacht le Nadia agus sílim go mbeidh mé in éineacht léi ar feadh tamaill.
‘Feicim todhchaí ollmhór agus álainn don Úcráin.’
Ar a laghad, ó tháinig sí go hÉirinn, tá Nadia in ann feabhas a chur ar a cuid eolais ar an teanga a bhfuil grá aici ó aois óg di, an Ghaeilge.
Dúirt sí gur acmhainn fhíorluachmhar é TG4 ina cuid staidéir ar an nGaeilge.
●Craolfar Idir Dhá Bhaile – ó Chív go Corcaigh, ar TG4 Dé Céadaoin, 25 Meán Fómhair, ag 9.30pm.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.