Tá líonra na Gaeilge ag fás i gceantair Bhaile Átha Cliath Thiar agus Chill Dara, mar sin tá roinnt imeachtaí atá ar siúl thar Dheireadh Seachtaine an Chultúir anseo, do Ghaeilgeoirí, agus dóibh siúd atá ag iarraidh a gcúpla focal a chleachtadh.
●Tá sé mar aidhm ag ExtraG.ie cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge do GACH DUINE, ní hamháin dóibh siúd atá líofa.
●Mar sin, má tá imeacht i do cheantar, nó níos fearr fós, má bhíonn imeachtaí rialta ar siúl, seol alt nó dhó chugainn leis na sonraí agus pictiúr nó póstaer nó dhó freisin.
Chun eolas a fháil ar cad atá ar siúl i mBaile Átha Cliath, cliceáil ANSEO ar baclegaieilge.ie
Féach deireadh an phoist seo le cliceáil ar naisc chuig trí stáisiún raidió Gaeilge agus TG4 (Féach deireadh an phoist seo le cliceáil ar naisc chuig trí stáisiún raidió Gaeilge agus TG4)
Tá Oíche Chultúir ar siúl ar an Aoine seo an 20 Meán Fómhair. Féach an clár iomlán d’Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin ANSEO
Go háitiúil, féach an póstaer anseo le haghaidh turais ar Áras Chrónáin;
● Tá Lá Cheol Dúchais Úcráin agus Éireann i dTeach Cúirte Ráth Cúil:
● Léirithe ceoil ó Subsounds i Halla an Chontae i dTamhlacht;
● Imeacht ceoil clasaiceach do Leanaí ó Chór Áitiúil i Leabharlann Chluain Dolcáin.
Beidh ócáid álainn ar siúl sna Solláin oíche hAoine, 20 Meán Fómhair, mar chuid den Oíche Chultúir.
Tabharfaidh Jack Harte ó Shligeach, file agus údar agus bunaitheoir Áras Scríbhneoirí na hÉireann, caint dhátheangach ar amhránaíocht na Gaeilge, agus beidh amhránaithe ó Shult na Sollán ag canadh na n-amhrán is ansa leo as Gaeilge.
Beidh Pop-up Gaeltacht ann freisin, le deis a thabhairt do dhaoine a bheith ag labhairt i nGaeilge le daoine i dtimpeallacht shóisialta, agus beidh seisiún ceoil oscailte ar siúl ina dhiaidh sin go mbeidh sé ina mhaidin.
Beidh ócáid Dé Sathairn, 21 Meán Fómhair, i nGaelcholáiste Chill Dara dírithe ag daoine gan Ghaeilge nó gan mórán Ghaeilge. Má tá aithne agat ar dhuine gan mórán Ghaeilge, roinn an scéal leo le do thoil.
Beidh siúlóid na míosa seo i dTeach Russborough, Dé Sathair, 21 Meán Fomhair. Teacht le chéile sa charrchlós ar a 11, agus ag spaisteoireacht tríd an 200 acra (bheul cuid de!) atá timpeall ar an teach.
Ar mhaith leat an Ukulele a fhoghlaim? Cliceáil ANSEO le haghaidh ranganna do dhaoine fásta ag tosú Dé Máirt, Meán Fómhair in Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.