Kielty agus an Late Late ar ais le Rory McIlroy, laochra Oilimpeacha, greann, go leor ceoil agus …

12/09/2024

Tá Kielty ag filleadh leis an Late Late Show agus beidh neart comhrá, greann agus ceoil ar an gcéad oíche

Beidh Rory McIlroy agus laochra Oilimpeacha na hÉireann in éineacht le Patrick Kielty, i measc go leor eile, le haghaidh tús an tséasúir nua den Late Late Show.

Chomh maith leis sin beidh fear grinn, a chaith a shamhradh in Éirinn ag taisteal thart, agus an scríbhneoir amhráin Éireannach a scríobh cuid de na hamhráin is ansa linn – agus fiú a scríobh do Elvis.

Beidh Rory McIlroy le Patrick Kielty
Beidh Rory McIlroy le Patrick Kielty

Tugadh an-mholadh do Patrick Kielty as ucht rath an tséasúir seo caite agus tá an lucht leanúna sásta é a fheiceáil i láthair arís.

Gheobhaidh Kielty, in éineacht leis an gcuid eile den tír, deis eile ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar iontach ár laochra lúthchleasaíochta i bPáras.

In éineacht leis beidh lúthchleasaithe ó Team Ireland a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha.

Tar éis dóibh 12 bonn a bhaint amach, beidh na buaiteoirí in éineacht le Kielty chun labhairt faoi conas a bhí sé ón taobh sin de, ag na Cluichí Oilimpeacha is rathúla riamh sa tír.

Kabin Crew
Kabin Crew

Agus é ag filleadh ar Chluiche Oscailte na hÉireann an deireadh seachtaine seo, beidh an buaiteoir mór Rory McIlroy in éineacht le Kielty le haghaidh comhrá.

Tar éis rath ollmhór a n-amhrán The Spark, a shroich breis agus billiún radharc ar na meáin shóisialta i rith an tsamhraidh, tá Kabin Crew agus Lisdoonvarna Crew sa stiúideo chun labhairt faoina n-amhrán a chuaigh víreasach (viral).

Beidh siad ag caint ‘all abour ih’ agus, ar ndóigh, beidh siad ag léiriú amhrán beo freisin.

Beidh an fear grinn John Bishop ag teacht le chéile ar an tolg freisin le Kielty, áit a mbeidh sé ag caint faoina shamhradh spraíúil — lena n-áirítear camchuairt timpeall na hÉireann ar ghluaisrothar, dul amú sna Stáit Aontaithe, agus asail!

Beidh an réalta cheoil John Sheahan ann freisin leis an scríbhneoir amhrán is cáiliúla in Éirinn, Phil Coulter, a scríobh amhráin ar nós The Town I Loved So Well do Luke Kelly agus My Boy do Elvis.

Beidh John agus Phil sa stiúideo chun seó stáitse nua John, The Dubliner’s Encore, a nochtadh go heisiach, agus beidh meascán d’amhráin mhóra na Dubliners le cloisteáil freisin.

Ní stopann an seó ansin, áfach –  agus Kielty ag ligean dúinn go bhfuil rud éigin aige a bhfuil sé ag súil go mór le hinsint dúinn.

●Filleann The Late Late Show ar RTÉ a hAon agus ar an Seinnteoir RTÉ ag 9.35pm.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram