Tá Emmy buaite ag Conan O’Brien don chlár le Ros na Rún

10/09/2024

Ba é buaicphointe chuairt Conan O’Brien ar Éirinn ná a theacht i láthair ar Ros na Rún – agus anois tá mórghradam buaite ag an gclár i Meiriceá.

Tá Emmy buaite ag Conan O’Brien i rannóg na nEalaíon Cruthaitheach de na gradaim don seó ina raibh sé ar Ron na Rún.

Thug O’Brien cuairt ar Éirinn le haghaidh clár dá shraith thaistil, Conan O’Brien Must Go, ar HBO Max, agus ba é an buaicphointe ná a ról ar an tsraith de chuid TG4.

Baineann an clár, a bhuaigh sa chatagóir, ‘Sár Scríbhneoireacht do Chlár Neamhfhicsin’, le hiarracht O’Brien teach ar fréamhacha a mhuintire in Éirinn.

Níor éirigh go maith le Tadhg agus ‘Fear na mBalún’
Níor éirigh go maith le Tadhg agus ‘Fear na mBalún’

Chomh maith le Ros na Rún thug sé cuairt ar Phlas Barack Obama i dTiobraid Árann agus d’fhoghlaim sé cúpla focal Gaeilge.

Don ról a bhí aige ar Ros na Rún bhain sé ‘Fear na mBalún’ amach.

Chun an gradam a cheiliúradh dúirt Ros na Rún ar a leathanach baile ar Facebook: ‘Emmy buaite ag Conan O’Brien Must Go don chlár ina raibh Ros na Rún ann.

‘Thug Conan O’Brien cuairt orainn i mí Eanáir don tsraith taistil nua atá aige agus tá an clár a déanadh in Éirinn théis Emmy a bhuachaint do scríbhneoireacht chumasach do chlár neamhfhicsean.

‘Má chaill sibh Conan O’Brien ar Ros na Rún, is féidir breathnú air anois ar Sheinnteoir TG4 nó ar chainéal YouTube Ros na Rún.’

le linn dó a bheith ar Ros na Rún bhuail O’Brien leis an tábhairneoir clúiteach Tadhg Ó Direáin.

Agus níor éirigh go maith le Tadhg agus ‘Fear na mBalún’.

Mar sin féin roinn an stáisiún Gaeilge físeán freisin de Chonan ag cleachtadh dá chéad ról aisteoireachta le Gaeilge.

Tá O’Brien, a bhí roimhe seo ina scríbhneoir scripte do The Simpsons agus Saturday Night Live, le feiceáil ag streachailt leis an Ghaeilge.

Is é Macdara Ó Fátharta atá i ról Tadhg agus tar éis dó cuidiú le Conan lena chuid Gaeilge, cloistear Macdara ag rá: ‘I was slow coming in.’

 Conan O'Brien in Éirinn
Conan O’Brien in Éirinn

Ach d’fhreagair O’Brien: ‘You’re never the problem here. I think we know what the problem is. Gee, I wonder what’s wrong with this scene.’

Níos déanaí deir sé: ‘We’re probably going to get an Oscar for this.’

Níl na hOscars amach go fóill ach tá Emmy acu. Mar sin, tús maith!

Tá na naisc ar fáil anseo:

Tá an nasc le YouTube ANSEO

Agus tá an nasc le Seinnteoir TG4 ANSEO


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram