Tá dualgas ar an Stát an maoiniú do TG4 a dhúbailt

10/09/2024

Tugann rialtas na Breataine beagnach dhá oiread do chainéal teilifíse Breatnaise S4C, ná mar a fhaigheann TG4 ó Rialtas na hÉireann

Tá an Rialtas cáinte ag TG4 as ‘easpa maoinithe stairiúil’ don stáisiún teilifíse Gaeilge.

Dúirt sé go gcaithfear infheistíocht a dhéanamh faoi dhó chun seirbhís cheart teilifíse i nGaeilge a chur ar fáil.

Agus sceideal an fhómhair 2024 á fhógairt aige, léirigh an stáisiún teilifíse Gaeilge nach bhfuil maoiniú ceart á chur ar fáil ag an Stát dó.

Faigheann an craoltóir maoiniú de €57 milliún sa bhliain agus caithfidh an chuid eile dá chuid airgid theacht as an méid is féidir leis a fháil ó fhógraíocht agus urraíocht.

Tá sé léirithe ag TG4, go dteastaíonn infheistíocht de €104 milliún sa bhliain ón Rialtas
Tá sé léirithe ag TG4, go dteastaíonn infheistíocht de €104 milliún sa bhliain ón Rialtas

Tá sé léirithe ag an stáisiún, áfach, go dteastaíonn infheistíocht de €104 milliún sa bhliain ón Rialtas.

Dúirt an tArd-Stiúrthóir Alan Esslemont gur cheart maoiniú ar chomhchéim lena mhacasamhail sa Bhreatain Bheag, S4C, a thabhairt don stáisiún faoi 2030.

Ó 2022 i leith, faigheann S4C £88.85 milliún (€104 milliún) in aghaidh na bliana ó rialtas na Breataine, £74.5 milliún (€88 milliún) de ó mhaoiniú na táille ceadúnais.

‘Ba cheart d’Éirinn dea-chleachtas na hEorpa a leanúint,’ a dúirt an tUasal Esslemont. ‘Faigheann an cainéal Breatnaise, S4C, tuairim is dhá oiread maoiniú poiblí TG4.

‘D’fhágfadh straitéis TG4 fás ar ár maoiniú thar thréimhse blianta idir seo agus deireadh na ndeich mbliana le bheith ar chomhchéim le maoiniú S4C.’

Ard-Stiúrthóir Alan Esslemont
Ard-Stiúrthóir Alan Esslemont

Dúirt an tUasal Esslemont go n-aithnítear go forleathan go bhfuil tearcmhaoiniú (underfunding) an stáisiúin ‘ach go dtí seo tá dearcadh an Stáit i leith TG4 taobh thiar de dhearcadh an phobail i leith TG4… Tá tearcmhaoiniú stairiúil á úsáid mar chúis le tearcmhaoiniú TG4 a choinneáil amach anseo.’

Dúirt sé freisin: ‘Ní mór do Choimisiún na Meán aitheantas a thabhairt don mhéid atá á bhaint amach ag TG4.’

Dúirt Roinn na Meán: ‘Thar am an Rialtais seo, tá méadú suntasach de €19.8 milliún ar mhaoiniú don stáisiún, ó €37.2 milliún go €57 milliún, nó 53%.’

Mar sin féin, tá sé seo fós i bhfad faoi bhun an fhigiúir a d’íoc rialtas na Breataine don stáisiún Breatnaise.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: GAEILGE

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram