Tá Clubleabhar ar ais, slí iontach chun do scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as ár dteanga

08/09/2024

Anois agus an samhradh imithe tá Clubleabhar ar ais le roinnt leabhar. Is bealach iontach é chun taitneamh a bhaint as an nGaeilge. Éist leis na léirmheasanna. Bíonn siad suimiúil i gcónaí. Agus ansin, más mian leat, faigh an leabhar agus leabhar faoi le do ghrúpa féin nó ar líne.  

Is bealach iontach é ClubLeabhar.com chun do chuid Gaeilge a chleachtadh ar do luas féin. Bíonn podchraoladh difriúil ann gach mí, ina ndéantar agallamh faoi leabhar nua. 

Níl aon ranganna i gceist, ní éisteann tú ach nuair is mian leat, ní léann tú ach nuair is mian leat – agus is féidir leat a bheith páirteach i ngrúpa chun labhairt faoina bhfuil léite agat agus faoina bhfuil cloiste agat, más mian leat. 

Seo é an teachtaireacht atá acu dúinn ag gClubLeabhar.com.

heartstopper ffeat


Heartstopper
le
hAlice Oseman

Tá Charlie agus Nick ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile… go dtí lá amháin nuair a chuirtear ina suí in aice lena chéile iad.

Tá siad mór lena chéile láithreach agus ní fada go dtosaíonn Charlie ag titim i ngrá lena chara nua. Níl ach fadhb amháin ann – níl seans dá laghad ann go mbraitheann Nick an bealach céanna faoi Charlie… nó an mbraitheann?

flaitheas feat


Flaitheas
le
Proinsias Mac a’Bhaird

Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige.

Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht.

leabhar feat


Réics Carló: an Corp sa Trunc
le
Cathal Ó Sándair

Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile.

Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais.

Níl aon amhras ar Malcolm – ná ar a chara mór Réics Carló – gur teachtaireacht dó féin atá sa dúnmharú seo: éirigh as an bhfiosrúchán. Láithreach.

Is Leatsa an Rogha

Roinn do thuairim agus cabhraigh linn cinneadh a dhéanamh ar cén leabhar ba cheart dúinn a léamh, An Grá agus an Ghruaim nó Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile, i rith mhí na Nollag. Coinnigh súil ar ár ríomhphoist le tuilleadh eolais a fháil ar conas do vóta a chaitheamh!

An Grá agus an Ghruaim
le
Seosamh Mac Grianna

Ba é An Grá agus an Ghruaim an dara cnuasach le Seosamh Mac Grianna. San eagrán úr seo tugtar an litriú suas chun dáta le tús áite tugtha den fhoghraíocht. Cuirtear an scéal “An Bhean Lán de Stuaim” ar ais sa bhailiúchán agus fágtar istigh an scéal “Bíonn Súil le Muir ach ní Bhíonn Súil le hUaigh” a cuireadh isteach ina áit in eagráin níos déanaí.

Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile
le
Majella Ní Dhomhnaill

Sobhristeacht na beatha; síorghrá an tuismitheora don pháiste; daoine óga ag teacht in aois; cinntí déanta i bhfaiteadh na súl a fhágann a rian go deo. Sa chéad chnuasach gearrscéalta so dá cuid, pléann Majella Ní Dhomhnaill go soiléir cumhachtach le réimse téamaí a bhaineann le brúnna agus iontais na linne seo.


Roghnaítear leabhar nua gach mí agus tá sé mar pholasaí acu leabhair róchasta a sheachaint. Freisin, tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta agus bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló. Bíonn na leabhair a bhíonn á bplé ar fáil ar siopa.ie

Chomh maith le sin is féidir leat a bheith mar chuid de do chlub leabhar féin, go fisiciúil nó ar líne, le comhrá a dhéanamh faoi na leabhair. 

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh Gréasáin ClubLeabhar i nGaeilge le cliceáil ANSEO

Ní hamháin dóibh siúd a labhraíonn Gaeilge an t-am ar fad atá ClubLeabhar, tá sé an-chabhrach dóibh siúd a dhéanann iarracht an Ghaeilge a labhairt i saol ina bhfuil an Béarla timpeall orthu, agus dóibh siúd atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge trí níos mó úsáid a bhaint aisti gan mórán brú. 

Ní thógann sé ach nóiméad  clárú ANSEO don chlub agus níl aon táille i gceist. Is féidir clárú trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. 

Tá liosta ar fáil freisin ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, in Éirinn agus thar lear. 

Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: GAEILGE

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram