Tá Patrick Kielty réidh le filleadh ar an Late Late Show tar éis ‘Staycation’ le Cat Deeley agus a mbeirt mhac

05/09/2024

Is fearr le Patrick Kielty féachaint ar a chlann mhac ag imirt peile, ar pháirc CLG (GAA) ainmnithe i ndiaidh a athar, ná a bheith ina luí ar an ‘beach’

Tá Patrick Kielty réidh le filleadh ar a ghnáthphost oíche hAoine tar éis samhradh suaimhneach ar laethanta saoire teaghlaigh in Éirinn agus thar lear lena bhean chéile agus a leanaí.

Chuaigh óstach an Late Late Show go deisceart na Fraince in éineacht lena bhean chéile Cat Deeley agus a mbeirt bhuachaill, Milo, atá ocht mbliana d’aois, agus James, atá cúig bliana d’aois, ag tús an tsamhraidh.

‘Bhí muid ar “staycation” timpeall Chontae an Dúin leis an mbeirt fhear óg, don chuid is mó de sheachtain,’ a dúirt sé leis an RTÉ Guide.

Agus chuir siad deireadh leis an samhradh le ‘staycation ‘eachtrach (eventful)’ i veain champála timpeall na hÉireann, sa Tuaisceart go príomha.

Cé go raibh am iontach ag a bpáistí, bhí cuma níos lú díograise ar Phádraig – nó b’fhéidir go raibh sé tuirseach.

‘Bhí muid ar “staycation” timpeall Chontae an Dúin leis an mbeirt fhear óg, don chuid is mó de sheachtain,’ a dúirt sé leis an RTÉ Guide.

Cat Deely le na buachaillí
Cat Deely le na buachaillí

‘Bhí siadsan lá sásta leis sin. Maidir liom féin, le beirt pháiste faoi ocht mbliana d’aois i veain champála thar a bheith, ahem, eachtrach (eventful)!’

Agus cé gur sáith siad grian an tsamhraidh i Saint Tropez, níl mórán suim ag Kielty ina leithead de laethanta saoire ach oiread.

Dúirt sé: ‘Ní duine mé, i ndáiríre, a bhaineann taitneamh as a bheith ina luí ar an trá.

KieltyCowby feat
Patrick Kielty ar an Late Late Show

‘Is fearr go mór liom dul chuig cúpla cluiche Gaelach leis na buachaillí anseo.’

Dúirt Kielty go bhfuil a mhac is sine Milo ag imirt peile CLG (GAA) agus chláraigh sé le haghaidh blitz Cúl Camp ag a pháirc áitiúil i nDún Droma (Dundrum) , Contae an Dúin.

Tá páirc CLG (GAA) i nDún Droma ainmnithe i ndiaidh a athar, Jack Kielty, a dúnmharaíodh i 1988 le linn na dTrioblóidí.

Dúirt Kielty gur ‘wow’ a bhí ann dó nuair a bhí sé ag breathnú ar a mhac ag imirt ar an bpáirc.

Tá sé ag ullmhú anois don dara séasúr den Late Late Show agus dúirt sé, lena bheirt bhuachaill ar ais ar scoil, go bhfuil sé anois réidh le dul ar ais ar an gclár.

Dúirt Kielty: ‘Táim réidh agus fonn orm dul ar aghaidh arís.’

Tar éis na laethanta sin sa veain champála lena bhuachaillí óga, b’fhéidir gur sos deas do Kielty é dul ar ais ag obair


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram