Is ceann de na foirgnimh is suntasaí go stairiúil i mBaile Átha Cliath é Uimhir 6 Sráid Fhearchair. Ach beidh sé ag dúnadh go luath.
Is dea-scéal é sin mar tá an foirgneamh ag fáil na forbartha atá de dhíth air chun freastal i gceart ar an raon gníomhaíochtaí a dhéantar ann.
Beidh sé dúnta ag deireadh na míosa seo ar feadh trí bliana agus le linn na dtrí bliana sin leanfar leis na gníomhaíochtaí tábhachtach a mbíonn ar siúl ann in áiteanna eile i mBaile Átha Cliath.
Sna gníomhaíochtaí sin áirítear Seachtain na Gaeilge, Club Chonradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Ógras, Raidió Rí-Rá, Comhluadar agus An Siopa Leabhar.
Fuair an Conradh cead pleanála ag deireadh 2020 chun Uimhir 6 a fhorbairt mar lárionad Gaeilge.
Tá amharclann, caifé agus stiúideo raidió nua i measc na n-áiseanna nua a bheas ar fáil san ionad nua.
Ach tá stair shuimiúil ag Uimhir 6 freisin – d’Aontachtaithe agus do Phoblachtaigh araon. Ach go príomha do Phoblachtaigh.
Chónaigh Edward Carson, ceannaire na nAontachtaithe a chuir in aghaidh Rialtas Dúchais agus a bhfuair neamhspleáchas iomlán i ndeisceart na hÉireann ina áit, dhá dhoras uaidh.
Chuimhneodh sé ar Uimhir 6 mar acadamh míleata d’Arm na Breataine nuair a bhí sé ina ghasúr.
D’athraigh sin go tapa, áfach, agus bhí Uimhir 6 Sráid Fhearchair mar cheanncheathrú Shinn Féin ó 1910 i leith agus le linn Éirí Amach na Cásca.
As sin amach tá Uimhir 6 mar fhócas do smaointe forásacha agus dul chun cinn cultúrtha. Inniu tá sé mar chroílár ghluaiseacht na teanga Gaeilge.
Agus tá ceannaireacht Chonradh na Gaeilge thar a bheith sásta leis na hathruithe atá ar siúl anois.
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, le tuairisc.ie: ‘Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil an t-am tagtha le hUimhir 6 Sráid Fhearchair a fhágáil ar feadh tréimhse ghairid chun an lárionad a fhorbairt tar éis a bheith ag caint faoi seo le 20 bliain anuas.
‘Beidh dúshláin ann do gach grúpa atá lonnaithe sa teach, agus tuigimid go mbeidh daoine a bhaineann úsáid as Uimhir 6 thíos leis sna chéad trí bliana eile ach táimid cinnte gur fiú an tairbhe an trioblóid.’
Agus dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le tuairisc.ie: ‘Táimid ar bís go bhfuil muid anois ag an gcéim gur féidir linn tús a chur leis an bhforbairt iontach seo, tionscadal claochlaitheach a chuirfidh breis seirbhísí agus áiseanna Gaeilge fáil don phobal sa chathair.’
Cliceáil ANSEO chun an t-alt ar tuariisc.ie a léamh.
I ráiteas dúirt Conradh na Gaeilge:
‘Is oth linn a fhógairt go mbeidh 6 Sráid Fhearchair ag dúnadh ar feadh tréimhse 3 bliana ó dheireadh mhí Mheán Fómhair sa dóigh is go dtig athchóiriú a bheith déanta ar an fhoirgneamh ar fad.
‘Is dul chun chinn dearfach é seo do shaol na Gaeilge san ardchathair agus tá muid uilig ag súil leis an lá a mbeidh an foirgneamh ar fad ar oscailt arís is spás breá úr ann do phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath agus pobal na Gaeilge trí chéile.
Tá muid an-bhuíoch as ucht bhur gcuid tacaíochta, ó 1967 go dtí an lá inniu, agus tá an tacaíocht sin chomh tábhachtach is a bhí riamh.
‘Cé nach mbeidh suíomh an Chlub féin ar fáil dúinn, beidh imeachtaí Gaelacha agus trí Ghaeilge fós á n-eagrú ag Coiste an Chlub in áiteanna eile le linn an athchóirithe – Club Chonradh na Gaeilge Sealadach fiú.
Idir an dá linn bígí linn go dtí deireadh na míosa seo ag ceiliúradh an Chlub! Beidh muid ar oscailt 7 lá in aghaidh na seachtaine ó 19:16 gach lá go dtí an 28 Meán Fómhair. Tá neart le teacht sa mhí seo romhainn.
‘Ar an drochuair, ní féidir linn an spás a chuir ar fáil d’aon imeachtaí i ndiaidh an dáta seo.
Coinnígí súil ar ár meán sóisialta agus nuachtlitir d’aon uasdhátaí ar an scéal. Beidh Cruinniú Cinn Bhliana á fhógairt againn sna seachtainí amach romhainn. Bí i dteagmháil fosta más rud é go bhfuil suim agat bheith ar Choiste Chlub Chonradh na Gaeilge Sealadach amach anseo.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.