Tús mhí Mheán Fómhair atá ann, agus cláir nua TG4 á gcur i láthair. Agus, ar ndóigh, tá na páistí ar ais ar scoil cheana féin.
Mar sin, tá an chuid is mó againn ag súil le solas geal na gréine nach raibh ann le linn formhór laethanta an tsamhraidh!
Chomh maith leis sin is féidir linn socrú síos os comhair Ros na Rún ar TG4.
Cuirfear tús le sraith 29 den dráma Dé Máirt na seachtaine seo.
Agus muid ag súil, ón mbealach ar chríochnaigh an tsraith roimh an samhradh, beidh an dráma ann ón tús, le hotharchairr, gardaí agus mearbhall ar gach duine.
Mar sin féin, níl i Ros na Rún ach ceann amháin de roinnt clár nua agus sraitheanna nua atá ag tosú ar TG4 an tseachtain seo.
Tagann carr gardaí agus otharcharranna ar an tsráid taobh amuigh de Thigh Taidhg i ndiaidh an rud a rinne Cyril.
Cé go scaipeann an scéal gur maraíodh duine éigin sa tubaiste ní insíonn Ó Sé cé atá i gceist go gcuirtear muintir an té a maraíodh ar eolas.
Cé atá tar éis bháis?
Bhain an file agus scríbhneoir aistí, Doireann Ní Ghríofa, cáil idirnáisiúnta amach in 2020 nuair a d’fhoilsigh sí an t-úrscéal A Ghost in the Throat.
Is scéal spreagtha ag Caoineadh Airt Uí Laoghaire é.
Sa scannán, feicfear mar a chuireann Doireann Ní Ghríofa peann le pár agus tugtar léargas ar an áit a thugann inspioráid di.
Sé sin a áit dúchais i gCo. An Chláir. Is í Ciara Nic Chormaic a stiúir an scannán seo.
Tá athruithe móra ag tarlú ar ár bhfeirmeacha – agus ní bhaineann siad ar fad le praghas an bhainne nó na mairteola.
Tá meath tubaisteach tagtha ar éin, beacha fiáine agus plandaí dúchasacha ar fud na tuaithe.
Áirítear diansaothrú na feirmeoireachta agus na foraoiseachta ar cheann de na cúiseanna is mó atá leis seo.
Mar sin tá feabhas le teacht ar an mbithéagsúlacht, agus is ar thalamh feirme na tíre a tharlóidh sé.
Ar an tsraith seo, Caomhnóirí na Talún, a thosóidh oíche Chéadaoin ag 89.30pm ar TG4, leantar cúigear feirmeoir, agus iad ag triail smaointe nua agus ag iarraidh an ghairm agus a slí bheatha a chosaint.
Tá Síle Nic Chonaonaigh ar ais le sraith nua de Bhailte agus í ar thuras thrí bhailte fearainn na tíre.
Tá os cionn 60,000 baile fearainn in Éirinn atá fós i gcroílár shaol na tíre sa lá atá inniu ann.
Fiosróidh Síle an teacht aniar atá i bpobail na tuaithe agus tabharfar léargas dúinn ar an dlúthnasc atá ag daoine lena mbaile fearainn dúchais.
I measc na mbailte a thabharfaidh sí cuairt orthu sa tsraith seo beidh Leitreach Ard agus An Bóthar Buí i nGaillimh, Toraigh i nDún na nGall, Baile na nGall i bPort Láirge, agus Clochán Bhréanainn i gCorca Dhuibhne.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.