Marcáil do chuid féilirí! Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta (National Heritage Week) ar ais le traenacha gaile (steam trains), Lochlannaigh (Vikings) agus go leor eile.
Is é seo an 19ú bliain de, agus tá féile 2024 ar tí a bheith ar an gceann is spreagúla go fóill, le breis agus 1,500 imeacht saor in aisce ar siúl.
Ar siúl ón 17-25 Lúnasa, is ceiliúradh iontach í Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar oidhreacht (heritage) thógtha, nádúrtha agus cultúrtha na hÉireann.
Agus tá imeachtaí do gach duine sa teaghlach ar siúl i ngach cearn d’Éirinn.
Is é téama Sheachtain na hOidhreachta na bliana seo ná ‘Ceangal, Bealaí agus Líonraí (Connection, Routes and Networks’).
Sé sin ag fiosrú an iliomad bealaí ina bhfuilimid nasctha tríd ár n-oidhreacht (heritage), ó bhealaí fisiceacha ar nós bóithre agus canálacha go naisc chultúrtha tríd an teaghlach, caitheamh aimsire, stair agus traidisiúin.
Cibé an bhfuil tú i do léitheoir staire, i ngrá leis an dúlra nó ar mhaith leat dea-scéal a chloisteáil, tá rud éigin do chách ag Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta.
Tá siúlóidí treoraithe (guided walks), taispeántais cheardaíochta (craft demonstrations), ceardlanna le bheith páirteach iontu, agus fiú rochtain saor in aisce ar láithreáin stairiúla (historic sites).
Tá an oiread sin le feiceáil agus le déanamh i rith na naoi lá imeachtaí gurbh fhéidir gur smaoineamh maith é suí síos le do theaghlach agus plean a dhéanamh.
Is féidir leat liosta iomlán na n-imeachtaí a fháil ANSEO agus is féidir leat fiú do sceideal imeachtaí pearsanta féin a chruthú, ionas gur féidir leat dul chuig gach imeacht a bhfuil spéis agat ann.
I measc na n-imeachtaí ar fud na tíre nár cheart duit a chailleann tá turas traenach gaile ar an sean-nós ó Bhaile Átha Cliath go Cill Chainnigh (Kilkenny), a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh, 18 Lúnasa.
Is iad Cumann Caomhnaithe Iarnróid (Railway Preservation Society) na hÉireann a d’eagraigh an t-imeacht iontach seo agus is deis uathúil é traein ghaile (steam train) a fheiceáil i mbun gníomhaíochta.
Beidh fonn ar lucht an cheoil dul chuig Féile na Scileanna Caillte (Festival of Lost Skills) i gCo. an Chláir Dé Sathairn, 17 Lúnasa.
Ag an bhféile sin beidh Common Knowledge mar óstach ar cheiliúradh ar an gceol traidisiúnta le béim ar scileanna oidhreachta (heritage).
Idir an dá linn, ba cheart do lucht leanúna na staire an Domhnach, 18 Lúnasa, a mharcáil ina bhféilirí.
Beidh Féile Lochlannach Bhaile na Coille (Woodstown Viking Festival) ar siúl ar an lá sin, nuair a thabharfar beocht don suíomh Lochlannach is cáiliúla i bPort Láirge le gníomhartha catha agus go leor eile.
Agus mura leor é sin de stair na Lochlannach duit féin agus do theaghlach, is féidir leat páirt a ghlacadh ar Thuras Siúil Lochlannach (Viking Walking Tour).
Beidh sé timpeall Chathair Bhaile Átha Cliath, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, 24 agus 25 Lúnasa, agus beidh tú in ann tú féin a iompar ar ais go dtí an 9ú haois!
Tá liosta iomlán imeachtaí le fáil ar fáil ANSEO
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.