In ainm Déíse! Cá as sinn ar chor ar bith? Filleann an clár stair theaghlaigh de chuid an BBC1, ‘Who Do You Think You Are?’, Déardaoin an tseachtain seo, agus é ag ceiliúradh 20 bliain de chraoladh.
Léirigh an tsraith – in éineacht le leagan RTÉ den seó céanna – an spéis atá againn inár stair féin.
Agus beidh muintir Phort Láirge, ar a laghad, in ann a bhfiosracht a shásamh i gceann cúpla seachtain freisin.
Seo dhá cheist chun tús a chur leis an bpróiseas a mbeidh ar siúl acu:
Má tá suim agat i gceisteanna mar seo, téigh go dtí an ócáid, ‘Cad as Duit? Placenames of the Déise’ i Leabharlann Dhún Garbhán, Co Phort Láirge ar an Déardaoin, 22 Lúnasa ar a 6.30in.
Tá sé eagraithe ag Coiste Logainmneacha Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.
Beidh blaiseadh d’oidhreacht logainmneacha Phort Láirge á léiriú trí amhráin, dhánta agus chainteanna gairide.
I measc na míreanna ar an gclár neamhfhoirmiúil, beidh cainteanna ar Rúin na Logainmneacha, Logainmneacha ‘Gaultier’, Logainmneacha Shléibhte agus Chósta Phort Láirge.
Chomh maith leis sin beidh eolas ar obair Choiste Logainmneacha Phort Láirge agus ar conas tochailt ar líne do léarscáileanna, taifid agus foinsí eile luachmhara logainmneacha.
Sé príomh-mhír chlár na hoíche ná an chéad léiriú poiblí de Ceol na gCloch, dán nua-scríofa ar Logainmneacha na nDéise (coimisiúnaithe le tacaíocht ó Creative Ireland Waterford) ón bhfile ón Rinn, Catherine Foley, maraon le físeán tionlacain léirithe aici féin agus a deirfiúr RoseAnn.
Chomh maith leis sin, beidh seans ag daoine éisteacht le hamhráin áitiúla a léiríonn logainmneacha áirithe ó na Déise.
Tá an ócáid Seachtain Oidhreachta seo á n-eagrú ag Coiste Logainmneacha Chomhairle Phort Láirge le tacaíocht ó Creative Ireland Waterford.
Ócáid dátheangach saor in aisce atá I gceist.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.