Níl ‘Sláinte! sláintiúil má tá tú ag eitilt le deoch nó dhó

04/06/2024

Léiríonn staidéar go bhfuil paisinéirí a chodlaíonn ar eitilt, tar éis dóibh a bheith ag ól, ag cur sláinte a gcroí i mbaol

Níl aon rud cosúil leis an gcéad ghloine fíona sin nó pionta beorach chun giúmar maith a chur ort agus tú ag eitilt.

Mar sin féin, níl sé go maith don tsláinte toisc go bhféadfadh alcól, agus brú cábáin, sláinte croí na bpaisinéirí eitleáin a théann a chodladh a bhagairt, de réir an chéad staidéar dá leithéid.

Fuair ​​taighdeoirí amach go laghdaítear an méid ocsaigine (oxygen) atá san fhuil, leis an gcomhcheangal sin, agus go n-ardaíonn sé an ráta croí, fiú dóibh siúd atá óg agus sláintiúil.

Mhol an lucht acadúil gurbh  fhéidir go bhfuil sé in am smaoineamh ar limistéar a chur ar rochtain ar alcól agus daoine ag eitilt
Mhol an lucht acadúil gurbh  fhéidir go bhfuil sé in am smaoineamh ar limistéar a chur ar rochtain ar alcól agus daoine ag eitilt

Dá airde an méid alcóil a óltar is ea is mó a d’fhéadfadh na héifeachtaí seo a bheith.

Tá sé sin fíor go háirithe i measc paisinéirí níos sine agus iad siúd a bhfuil fadhbanna leighis orthu.

Mhol an lucht acadúil gurbh  fhéidir go bhfuil sé in am smaoineamh ar limistéar a chur ar rochtain ar alcól ar bord, go háirithe ar eitiltí fada.

Le haghaidh a gcuid staidéir, d’earcaigh (recruited) siad 48 duine idir 18 agus 40 bliain d’aois agus roinn siad iad ina dhá ghrúpa.

Chodail leath den ghrúpa i saotharlann le gnáthbhrú aeir (air pressure) agus an chuid eile i seomra airde a rinne aithris ar bhrú cábáin eitleáin ag eitilt.

Ansin chodail na grúpaí ar feadh ceithre huaire an chloig. Níor ól leath de na daoine i ngach grúpa aon alcól agus d’ól na daoine eile comhionann le dhá channa beorach nó dhá ghloine fíona.

Iad siúd a chodail i i saotharlann le gnáthbhrú aeir gan eitilt, gan aon rud a ól, bhí leibhéil ocsaigin fhola seasta ag thart ar 96% sláintiúil le ráta croí codlata de 64 buille in aghaidh an nóiméid (bpm).

Ach thit leibhéil ocsaigine fola go 85% ar an meán ag na daoine a d’ól alcól agus a bhí sa seomra a rinne aithris ar eitleán, agus d’ardaigh rátaí a gcroí go beagnach 88 bhuille in aghaidh an nóiméid le linn codlata.

Bhí sé seo i gcomparáid le meánleibhéal ocsaigine fola de 88% agus ráta croí codlata de 73bpm dóibh siúd sa seomra ‘eitleáin’ nach raibh alcól ar bith acu.

Chodail na rannpháirtithe ina luí síos mar sin d’fhéadfadh na torthaí a bheith difriúil d’fhormhór na bpaisinéirí a bhíonn ag eitilt sa ghrád barainne (economy class), a dúirt tuarascáil san iris Thorax.

Foireann ó Institiúid an Leighis Aeraspáis i Köln, an Ghearmáin, a rinne an taighde ar eitilt.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram