Éist leis an agallamh: Na Gaeil Aeracha CLG – ag cur na Gaeilge chun cinn

27/04/2024

Ceithre bliana ag fás agus an-chuid déanta ag Na Gaeil Aeracha, ach tá siad fós ag pleanáil, ag dul chun cinn agus iad ag gníomhú amhail is nach raibh sna ceithre bliana ach tús maith

Bunaíodh Na Gaeil Aeracha CLG siar sa bhliain 2020 agus is iad an chéad fhoireann CLG uilechuimsitheach LADTA+ ar domhan.

Le linn na ceithre bliana anuas, bhunaigh siad foireann LGFA agus GAA, nó foireann Mná+ agus Fir+ mar a thugann siad orthu.

Anuraidh bhunaigh siad foireann iománaíochta agus díreach i mbliana, tá foireann nua camógaíochta acu.

NGA Grupa

Lonnaithe i mBaile Átha Cliath, bíonn siad idir suíomhanna le haghaidh traenála agus cluichí.

Sé sin, nó níl aon suíomh dá gcuid féin acu fós.

Bíonn siad ag traenáil dhá uair sa tseachtain i bPáirc an Fhionnuisce agus imríonn siad a gcuid cluichí baile ar shuíomh Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath 9.

Tháinig fás agus forbairt mhillteanach ar an gclub le linn na ceithre bliana sin le breis agus 200 ball anois cláraithe acu.

Tá idir baill imeartha agus gnáthbhaill, baill nach mbíonn ag traenáil nó ag imirt, acu.

BlasnaCathrach

ÉIST LEIS AN AGALLAMH: Éist le Oifigeach Gaeilge agus Cultúir, Na Gaeil Aeracha, Robbie Irwin, ar podchraoladh Soundcloud Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4FM. Cliceáil ANSEO

Chomh maith leis sin, tá go leor éachtaí spórtúla bainte amach acu.

Anuraidh, d’éirigh leis an bhfoireann iománaíocht gach cluiche ina ngrúpa a bhaint agus iad ag dul chomh fada leis an gcluiche leathcheannais.

NGA Mna

Léirigh an fhoireann Mna+ a gcuid buanna ar an bpáirc freisin, nuair a bhain siad an sciath craoibhe dhá bhliain i ndiaidh a chéile.

Áfach, ní amháin ar an bpáirc pheile a fheictear dul chun cinn – ach tá an club féin ag déanamh iarrachtaí móra chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc a bpobal.

Tá an club cláraithe le Fionndúireacht Sheosamh Mhic Dhonncha, scéim de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael le haghaidh clubanna CLG, ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.

Chuir Na Gaeil Aeracha, le cuidiú agus tacaíocht ó Ghlór na nGael, plean le chéile anuraidh agus leag siad síos spriocanna ar leith maidir leis an nGaeilge.

Spreag siad a gcuid baill Gaeilge a úsáid chomh minic is gur féidir leo, bíodh sé ag seisiúin traenála nó ag ócáidí sóisialta.

D’eagraigh siad roinnt imeachtaí sóisialta ar nós cúpla tráth na gceist trí Ghaeilge, seisiún ióga trí Ghaeilge agus lón Gaelach freisin.

BlasnaCathrach

ÉIST LEIS AN AGALLAMH: Éist le Oifigeach Gaeilge agus Cultúir, Na Gaeil Aeracha, Robbie Irwin, ar podchraoladh Spotify Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4FM. Cliceáil ANSEO

I mí Mheán Fómhair 2023, chuir siad cúrsa 10 seachtaine de ranganna Gaeilge ar fáil dá mbaill agus don phobal.

Tá an dara cúrsa de ranganna díreach críochnaithe anois agus bhí timpeall 50 duine ag freastal ar bhunrang agus meánrang gach oíche Déardaoin in Outhouse ar shráid Chéipil.

Is mar gheall ar na hiarrachtaí seo gur bronnadh gradam cré-umha orthu anuraidh ag ócáid bhronnta Ghlór na nGael.

Tá liosta nua de spriocanna ag an gclub agus iad ag obair i dtreoir an ghradaim airgead a bhaint amach i mbliana.

Agus tá siad díreach i ndiaidh ceann de na spriocanna sin a chur i bhfeidhm an tseachtain seo caite.

Ar an gCéadaoin, 17 Aibreán, lainseáil Na Gaeil Aeracha a gcéad Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta dá mbaill.

Is í aidhm na scéime ná tacaíocht agus spreagadh a thabhairt dá mbaill atá ag plé leis an teanga, cur lena dtaithí trí fhreastal ar chúrsa seachtaine i suíomh Gaeltachta.

Na Gaeil Aeracha Glor na nGael

Tá suas go 10 scoláireacht Gaeltachta á thairiscint agus clúdóidh an scoláireacht costas an chúrsa dóibh siúd a éiríonn leo.

‘Is éacht iontach é an scéim seo a lainseáil. Tá muid tharr a bheith sásta na scoláireachtaí seo a thairiscint dár mbaill, mar ní amháin go gcuideodh siad le costais na cúrsaí seo ach tabharfaidh sé spreagadh dóibh siúd atá ag foghlaim na teanga agus atá ag déanamh iarrachta tuilleadh a fhoghlaim faoin teanga, am a chaitheamh i nGaeltacht agus buaileadh le daoine difriúil ó fud fad na tíre agus a gcuid Gaeilge a fheabhsú,’ a dúirt Oifigeach Gaeilge agus Cultúir an chlub Robbie Irwin.

‘Táimid iontach bródúil mar chlub go bhfuil na spriocanna seo uilig curtha i bhfeidhm againn go dtí seo, go háirithe do chlub atá chomh hóg agus chomh nua linne – léiríonn na tionscadail seo cé chomh tiomanta agus paiseanta atá an club ó thaobh na Gaeilge de,’ a dúirt sé.

‘I mbliana, tá muid ag súil go mór le roinnt imeachtaí nua a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus a bheith ag obair le cumainn agus eagraíochtaí éagsúla chun deiseanna a sholáthar do dhaoine an Ghaeilge a úsáid agus a cheiliúradh.’

Má tá spéis ag daoine tuilleadh a fhoghlaim faoin gclub nó dul i dteagmháil leis Na Gaeil Aeracha, is féidir iad a leanúint ar Instagram @nagaeilaeracha nó ríomhphost a chur chucu ag dublinlgbtqgaa@gmail.com


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram