Ag Triall ar an Tobar ar TG4 gach Déardaoin, Scéal faoi Éirinn Chaitliceach Págánta
‘Tá breis is trí mhíle tobar beannaithe ar oileán in Éirinn, níos mó ná aon tír eile ar domhan,’ a deir Manchán Magan sa chlár Ag Triall ar an Tobar ar TG4 gach Déardaoin.
Agus tá níos mó toibreacha beannaithe nach bhfuil in Éirinn ach a insíonn scéal iontach faoi na hÉireannaigh agus ár gCaitliceachas Págánta aisteach.
Nuair a bhí Canáil Erie idir Abhainn Hudson agus Loch Erie á tógáil i stát Nua Eabhrac d’oibrigh go leor eisimircigh Éireannacha uirthi. Agus blianta tar éis é a thógáil, nuair a bhí an talamh timpeall air á fhorbairt fuarthas go leor toibreacha naofa.
Bhí siad curtha ann ag na heisimircigh Éireannacha a chreid san Aon Dia Caitliceach ach fós thug siad a déithe Págánacha na toibreacha leo chun ciall a bhaint as a saol nua.
Tá sraith Manchán Magan faoi na toibreacha beannaithe in Éirinn áfach agus cuireann sé an cheist: ‘Cad as a dtagann na nósanna seo, cén stair a bhaineann leo agus cé hiad na daoine a bhíonn Ag Triall ar an Tobar?
Agus déanann an tsraith seo, le sé chlár, iarracht a cheist a fhreagairt.
Rachaidh Manchán Magan fud fad na tíre ag tumadh sa mhiotas, sa bhéaloideas agus sna scéalta daonna a bhaineann le suímh uathúla ár dtoibreacha beannaithe.
Ó nósanna Págánacha go ré na Críostaíochta, tá na suíomhanna seo fréamhaithe go smior i stair na hÉireann.
Sa chlár seo, an chéad chlár, téann Manchán go hOileán Acla (Achill Island), go Conamara agus go dtí an Aird Mhóir, Co Phort Láirge (Ardmore, Co Waterford), le foghlaim faoi na toibreacha beannaithe atá suite ar an gcósta.
Agus deir Manchán: ‘Sa tsraith seo, níor thugamar cuairt ach ar 1% de na toibreacha beannaithe in Éirinn. Agus gan iarrachtaí an phobail, tá seans ann go mbeadh na háiteanna seo imithe.
‘Is iontach an obair a théann ar aghaidh, ag bailiú agus ag caomhnú ár gcultúr. Tá sé ríthábhachtach go gcoimeádfaimid gach mionsonra faoi na toibreacha seo ionas go mbeidh orainn iad a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile.
Ní méid beag oibre é ar chor ar bith…is dúshlán é. ‘
Ag Triall ar an Tobar ar TG4 gach Déardaoin ag 8in
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil