Seasann Kneecap lena dtacaíocht d’íospartaigh Gaza

27/02/2024

Rinne RTÉ iarracht cosc a chur ar aon chomhartha tacaíochta d’íospartaigh Gaza ar an Late Late Show le Kneecap

Léirigh an grúpa rap Gaeilge Kneecap go raibh siad bródúil as a sheasamh ar an Late Late Show – nuair a thug siad suntas d’fhulaingt mhuintir na Palaistíne.

Kneecap ar an Late Late Show
Kneecap ar an Late Late Show

Bhí ráite ag RTÉ leo gan aon chomhartha tacaíochta a thaispeáint agus nuair a rinne siad é ar aon nós, d’eisigh RTÉ ráiteas ag soiléiriú go raibh foláireamh tugtha do Kneecap.

Mar fhreagra air sin, rinne Kneecap ráiteas RTÉ a atvuíteáil, rud a léirigh go bródúil go raibh neamhaird déanta acu air.

Tá roinnt cáineadh déanta ar RTÉ as a sheasamh daingean i gcoinne lucht tacaíochta d’íospartaigh ionsaí Gaza, i gcodarsnacht leis an tacaíocht láidir a tugadh d’íospartaigh na hÚcráine d’ionradh na Rúise ar cláir mar an Late Late Show.

Ar an Late Late ar oíche Aoine, chaith Kneecap comharthaí tacaíochta don Phalaistín agus d’iarr siad ar mhuintir na tíre ‘fhreastal ar slógaí agus agóidíocht’.

Sheinn Kneecap a singil is déanaí ‘Better Way To Live’, le Grian Chatten ó Fontaines DC, sula ndeachaigh siad le chéile le Patrick Kiely le haghaidh comhrá.

Tar éis an tseó taispeánadh gearrthóg de Kneecap a thaispeáin a dtacaíocht ar na meáin shóisialta agus mhol go leor daoine ar líne iad as an mbealach ar chuir siad a dteachtaireacht trasna.


Late Late Gaza Row

Chuir an Late Late Show cosc
ar T-léine le ‘Gaza’ agus croí air


Le linn an chomhrá, labhair ball den ghrúpa, Mo Chara, faoin gcaoi a bhfuil Kneecap ag iarraidh ‘a n-ardán a úsáid chun aird a tharraingt ar an gcinedhíothú (genocide) atá ag tarlú sa Phalaistín faoi láthair’.

Chaith baill eile den ghrúpa Móglaí Bap crogall watermelon, siombail do chúis na Palaistíne, agus chaith DJ Provaí geansaí peile Palaistíneach.

Tagann sé seo seachtain amháin tar éis do RTÉ stop a chur le taibheoirí (performers) ar an gclár ó aon chomharthaí a léirigh tacaíocht d’iarracht friotaíochta na Palaistíne a chaitheamh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: TEILIFÍS

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram