‘Zealots!’ a deir Ivan Yates tar éis do dhaoine é a cháineadh nuair a rinne sé magadh faoin nGaeilge

16/02/2024

Tá an chonspóid ag dul i méid faoi Yates ag rá ‘I couldn’t be arsed’ nuair a bhí Síle Seoige ag labhairt Gaeilge

Tá méadú tagtha ar an gconspóid faoi chinneadh Ivan Yates agus Brian Dowling magadh a dhéanamh ar an nGaeilge fad is a bhí Síle Seoige ag labhairt Gaeilge ar clár teilifíse.

Tá Yates tar éis a rá gur ‘zealots’ iad na daoine a bhí á chanadh, ach ag an am céanna dúirt sé go raibh sé ag iarraidh ‘díospóireacht do dhaoine fásta’ faoin nGaeilge.

Freisin, de réir tuairisc.ie tá gearán déanta ag Conradh na Gaeilge le Coimisiún na Meán maidir leis an mír faoin nGaeilge a craoladh ar an gclár The Six O’Clock Show ar Virgin Media One.

Thosaigh an comhrá le Dowling ag rá go gcaithfidh siad ‘labhairt’ faoi Ghaeilge le Síle, agus dúirt an comhláithreoir Fionnuala Jay: ‘Tá mé ag foghlaim Gaeilge arís.’

Brian Dowling agus Ivan Yates
Brian Dowling agus Ivan Yates

‘An bhfuil tú féin mar chuid de lucht leanúna na Gaeilge?’ a d’fhiafraigh Dowling ar Yates, a d’fhreagair:  ‘I couldn’t be  arsed.’

Leis sin d’éirigh Dowling as a shuíochán agus chroith sé lámh le Yates, agus é ag gearradh trasna ar Shíle.

De réir tuairisc.ie: ‘Bhí Conradh na Gaeilge i measc na ndaoine a mheas gur caitheadh go maslach agus go míchothrom leis an nGaeilge ar an gclár agus tá gearán oifigiúil déanta acu le Coimisiún na Meán faoin mír.

‘D’iarr siad ar Virgin Media leithscéal a ghabháil.’


yates agus sile

Gearán déanta ag Conradh na Gaeilge le Coimisiún
na Meán faoi mhír faoin nGaeilge ar Virgin Media


Is ar na meáin shóisialta a rinneadh an chuid is mó den cháineadh ar Yates agus Dowling.

Bhí an cáineadh chomh láidir sin gur scrios Virgin Media gearrthóg (clip) den eachtra a roinn siad ar X.

Mar sin féin, tá Yates imithe níos faide agus dúirt sé le The Journal : ‘Níl fadhb ar bith agam le Síle Seoige ná le haon duine eile, ach is dóigh liom go gcaithfidh comhrá do dhaoine fásta a bheith againn faoi na hacmhainní atá ar fáil don Ghaeilge.

‘An mbeadh na hacmhainní atá geallta don teanga níos fearr dá gcuirfí iad ar fáil do chúram sláinte nó cúram leanaí, mar shampla?

‘Sílim gur fiú díospóireacht náisiúnta a bheith ann agus ní díospóireacht atá fágtha faoi “zealots” – na daoine agus na heagraíochtaí a bhíonn cosantach faoin nGaeilge gach uair a labhraítearfaoi,’ a dúirt Yates.

Idir an dá linn tá sé ráite ag Síle Seoige ar raidió Newstalk gur rud an-bhrónach é ár dteanga a dhíshealbhú.

Síle Yates
Síle Yates

Agus dúirt sí leis an Irish Independent,  nár chuir an mhír isteach nó amach uirthi mar go raibh sí bréan de bheith ag éisteacht leis na hargóintí céanna faoina teanga.

Mheas sí gur ag iarraidh a bheith greannmhar a bhí Dowling ach gur údar díomá é go bhfuil daoine ann go fóill a bhfuil drochmheas acu ar an teanga. Agus ní raibh sí sásta leis and méid a dúirt Dowling agus é ag deileáil leis an fhadhb.

Ar eagrán den Six O’Clock Show Dé Máirt, thagair Dowling don chonspóid agus dúirt sé gur léirigh sé a ‘thuairim phearsanta’ bunaithe ar ‘a thaithí féin’.

Agus dúirt sé freisin: ‘This is a place of inclusion, this is a place of love and this is definitely a place of laughter, that’s what we do.’

Dúirt Síle: ‘Tá aoi agat ar cainteoir dúchais í agus tá an Ghaeilge á plé agat léi.

‘Tá duine de na láithreoirí ag rá go bhfuil siad ag foghlaim na teanga faoi láthair agus an láithreoir eile agus an t-aoi eile ag magadh faoin teanga — mar sin, tá siad ag magadh faoin aoi.’

Cháin sí Brian a labhair os a chionn agus í ag labhairt Gaeilge le fiafraí de: ‘An bhfuil fotheidil ag teastáil uainn anseo?’
‘Ba é an rud a rinne sé, bhí sé ag “lasadh “gaslighting” gach duine a raibh fadhb aige leis,’ a dúirt Sile.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram