Beidh dualgas ar scoileanna gach eachtra d’iompar bulaíochta a thaifeadadh den chéad uair faoi rialacha nua atá le foilsiú go luath, de réir tuairisce san Irish Times.
Deir na sonraí is déanaí atá ar fáil go ndearnadh bulaíocht ar suas le 39% de dhaltaí meánscoile, lena n-áirítear bulaíocht fhisiciúil, shóisialta, ghnéasach, chibearbhulaíocht (cyberbullying) agus chiníoch (racist).
Léireoidh na rialacha nua méid na bulaíochta i scoileanna agus soláthrófar sonraí le haghaidh tuarascáil náisiúnta bhliantúil.
Tuigtear go gcuirfear oiliúint (training) ar fáil do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí ag an Roinn Oideachais le déileáil leis na rialacha nua bulaíochta.
Sainmhínítear bulaíocht sa phlean mar ‘iompar spriocdhírithe (targeted), ar líne nó as líne, a dhéanann dochar’.
Deir sé freisin go ndéantar iompar bulaíochta arís agus arís eile le himeacht ama agus go bhfuil éagothroime (imbalance) cumhachta i gcaidreamh idir beirt nó grúpaí daoine sa tsochaí i gceist leis.
Iarrfar ar scoileanna cineál iompair bulaíochta a thaifeadadh, an cur chuige a ghlactar chun dul i ngleic leis an iompar agus an toradh, de réir an Irish Times.
Ina theannta sin, beifear ag súil go ndéanfaidh siad athbhreithniú rialta ar a dtaifid chun treochtaí atá ag teacht chun cinn a aithint, le féachaint cad iad na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun atarlú (recurrance) a chosc.
Tá an beart mar chuid de phlean ‘Bí Cinealta’ a bhfuil sé mar aidhm aige gach cineál bulaíochta i scoileanna a chosc.
Is iomaí tuairisc a rinneadh ar mhéid na bulaíochta in Éirinn. Fuarthas amach i suirbhé i 2019 ar 19,000 duine óg go raibh bulaíocht tarlaithe ar 39% díobh siúd ar mheánscoil. Rinne Jigsaw, eagraíocht mheabhairshláinte don aos óg, agus UCD, an suirbhé.
I dtuairisc ar bhulaíocht scoile i 2021, dúirt Coiste Oideachais an Oireachtais go raibh an bhulaíocht ‘forleathan i ngach scoil uirbeach (urban) agus tuaithe (rural)’, agus go raibh méadú suntasach tagtha ar an gcibearbhulaíocht.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley: ‘Is í ár bhfís ná na huirlisí is gá a sholáthar do scoileanna chun díriú ar chibearbhulaíocht, ciníochas, bulaíocht aitheantais inscne nó gnéaschiapadh, i measc réimsí eile, agus dul i ngleic leo.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.