Agus an 22ú sraith nua Laochra Gael ag filleadh ar TG4 ní ró-ionadh (surprising) iad na tuairiscí le déanaí faoin easpa suime i spórt na mban – ní féidir dearcadh sóisialta a athrú in aon lá amháin.
Tógann sé roinnt ama na céadta bliain den chlaontacht dul ar ceal agus cé go bhfuil roinnt tráchtairí, go háirithe tráchtairí sacair sa Phríomh-Shraith (Premier League), ag coinneáil lena sean-steiréitíopaí is maith an rud é gur bhog na meáin chumarsáide ar aghaidh.
Agus é sin san áireamh, tá Laochra Gael ar ais le beirt laoch ban i measc na n-ochtar.
Amach anseo, tá súil againn cloisteáil ó níos mó de na laochra ban a raibh aithne ag a bpobail féin amháin orthu go dtí seo.
Ar aon nós, tá sé go hiontach an tsraith a fheiceáil ag filleadh ar Déardaoin seo chugainn, 25 Eanáir.
Tabharfar léargas pearsanta ar na laochra féin agus ar an nasc atá idir a spórt agus an saol mórthimpeall orthu. Mar is gnáth pléifear i bhfad níos mó ná an spórt agus beidh saol na Laochra taobh amuigh den pháirc ann chomh maith.
Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Larry McCarthy: “Is beag duine a chreidfeadh é nuair a craoladh sraith den scoth TG4 Laochra Gael ar dtús, go mbeimis ag fáil faoi réir don 22ú eagrán den chlár seo a bhfuil an-tóir go deo air.#
‘Thiocfadh leat a rá go maireann a cháil go fóill. Cé go bhfuil na cluichí ag croí na gclár, cuireann scéalta pearsanta roinnt de na pearsaí is mó cáil agus tóir sna cluiche Gaelacha chomh mór sin leo agus is mór an teist don chlár é go raibh an oiread sin iar-imreoirí sásta labhairt faoina gcuid gairmeacha spóirt, gairmeacha a bhfuil léargas tugtha acu ar spórt na hÉireann.
‘Craolfar an 200ú clár mar chuid den tsraith seo. Táimid ag tnúth go mór leis an gcéad 200 clár eile.’
Cuirfear tús leis an tsraith de Laochra Gael le scéal Richie Power, iar-iománaí le Cill Chainnigh.
Tá Richie ar dhuine de na tosaithe is cumasaí riamh a d’imir le Cill Chainnigh agus d’éirigh leis ocht mbonn Chraobh na hÉireann a bhaint amach.
Mar sin féin ní raibh fhios ag daoine go raibh cúrsaí bun os cionn ina shaol pearsanta, agus bhraith sé scartha amach óna chomhimreoirí. Ach tar éis dó insint dá theaghlach go raibh sé ag streachailt le handúil sa chearrbhachas, cuireadh Richie ar bhóthar a leasa arís.
Beith an scéal iomlán ar fáil Déardaoin seo chugainn, 25 Eanáir.
Agus is iad na réaltaí a bheidh le feiceáil sna seachtainí amach romhainn:
Tony Scullion
D’fhás Tony Scullion aníos faoin tuath i nDoire agus bhí saol crua ag muintir Scullion – go minic bhí sé deacair an t-ocras a choimeád ó dhoras. Ó bhí sé ina dhéagóir óg bhí sé d’aisling ag Tony peil a imirt dá chontae,rud a thárla le toradh iontach.
Lindsay Peat
Bhain Lindsay Peat an chéim is airde amach i gceithre spórt éagsúla agus í ag imirt sacair, cispheile agus rugbaí d’Éirinn mar aon le bheith ag imirt peil ghaelach le hÁth Cliath ag an am céanna.
Tony Griffin
D’imir Tony Griffin d’fhoireann iomána an Chláir ach nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa, bhuail eachtra throm phearsanta Tony nuair a cailleadh a athair Jerome le hailse. In ómós dá athair rinne sé turas rothaíochta a bhailigh níos mó ná milliún euro do charthanachtaí ailse.
Alan Kerins
D’imir Alan Kerins iomáint agus peil do Ghaillimh agus is imreoir ar leith é le boinn i gcraobhacha Clubanna na hÉireann buaite aige san iomáint agus sa pheil agus is é an t-aon fhear riamh é a bhfuil sé sin déanta aige le clubanna éagsúla. Ach is é an gaisce mó atá déanta aige ná The Alan Kerins Projects a bhunú sa bhliain 2005. Tá os cionn €5 mhilliún bailithe ag an gcarthanacht ó shin i leith.
Pat Critchley
Tá deis tugtha ag an iománaí as Laoise Pat Critchley do na mílte imreoirí forbairt ar pháirceanna agus ar chúirteanna ar fud na hÉireann – sa pheil, san iomáint, sa chispheil agus i bpeil na mban ag leibhéal na gclubanna agus an chontae. Ach tá tragóid ag baint leis an scéal seo freisin. Chuaigh bás Paul Mulhare in 1985, an bhliain ar bhuaigh sé a All-Star, tar éis cluiche sraithe idir Áth Cliath agus Laois go mór i bhfeidhm air. Fuair Mulhare buille de thimpiste sa chloigeann ó chamán Critchley agus bhásaigh sé ina dhiaidh sin san ospidéal faraor. Labhróidh Critchley faoin eachtra go tuisceanach, measúil, cúramach.
Ciara Gaynor
Bhí Ciara Gaynor i gcroílár fhoireann cosanta den scoth Thiobraid Árann, ceann de na foirne camógaíochta ab fhearr riamh, idir 1999 agus 2005. Bhuaigh sí cúig bhonn Chraomh na hÉireann mar aon le himreoir na bliana sa bhliain 2003. Agus in a dhiaidh sin bh i s i gceann de na himeachtaí spóirt domhanda is déine, Ironman. Cháiligh sí do Chraobhacha an Domhain 2023 a bhí ar siúl i Haváí.
Kevin Hughes
Ba fhear mór lár páirce de chuid Thír Eoghain é Kevin Hughes agus bhí gliondar ar chroí Kevin nuair a thug Tír Eoghain Corn Mhig Uidhir (Sam Maguire) leo in 2003. Ach taobh thiar den bhua bhí tragóid. Cailleadh a dheartháir Paul Hughes, 22, agus a dheirfiúr Helen Hughes, 24, ar an stráice céanna bóthair in 1997 agus in 2001. Tá Kevin go mór i mbun feachtasaíochta chun uasghrádú a dhéanamh ar an mbóthar idir Achadh na Cloiche agus an Ómaigh, bóthar a bhfuil 44 duine maraithe air le 15 bliana.
Laochra Gael 9.30pm, Déardaoin an 25 Eanáir
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.