Chun éisteacht leis an alt seo cliceáil ar phictiúr Blas na Cathrach thíos. Is féidir leat ceol a chloisteáil sa nasc freisin ó Bronski Beat, Charles Aznavour agus Emeli Sandé
Agus muid ag ceiliúradh Bród inniu, is fiú breathnú siar ar Stonewall agus na laethanta roimhe.
D’fhulaing an pobal LADT idirdhealú, masla agus foréigin brúidiúil, i rith ár staire. Agus freagraíodh gach éilimh ar mheas, le náiriú poiblí.
Tá sé fós ar siúl thar an domhan. Ach tháinig athrú meon tábhachtach tar éis Círéibeacha Stonewall, i Nua Eabhrac ar an ochtú lá is fiche de mhí and Mheitheamh i 1969.
Ní raibh an Stonewall Inn ina áit chompord don phobal LADT. Is minic a mhalairt a bhí ann, ach sin an méid a bhí acu ag an am.
Ba leis an Mafia é agus d'úsáid siad é chun dúmhál a dhéanamh ar dhaoine aeracha. Chomh maith le sin bhí nasc urchóideach ag an Mafia leis na póilíní i dtaobh Stonewall.
Go híorónta, is é an chruálacht a bhí acu a chabhraigh le dearcadh daoine a athrú.
I ndáiríre ba ghníomhartha réabhlóideacha iad na círéibeacha Stonewall, gníomhartha nach bhfuair duine ar bith bás.
Ach ba cheart dúinn tosú lenár dtír féin.
Tugadh isteach idirdhealú dlíthiúil i gcoinne fir aeracha in Éirinn faoi rial na Breataine, i 1861. Faoin Acht um Chionta in aghaidh na nDaoine bhí ‘bugaireacht’ mídhleathach, agus an pionós a bhí ag dul leis ná a bheith i bpianseirbhís ar feadh do shaol.
I Meiriceá, bhí an naimhdeas go forleathan.
Ban údaráis inimirce cearta ó phobal LADT bogadh go Meiriceá;
Chuir na húdaráis phoist cosc ar fhoilseacháin LADT, faoi Acht Comstock 1873;
Chuir Hollywood cosc ar charachtair LADT i scannáin, faoi Chód Léiriúcháin 1934.
Níos measa fós, dhearbhaigh Cumann Síciatrach Mheiriceá gurbh fhadhb síciatrach é.
Níor ligeadh do phobal LADT obair a dhéanamh san arm ná in aon phost feidearálach, toisc go breathnaíodh orthu mar riosca sláinte.
Bhí sé sin dona go leor. Ach le linn na 1950idí agus na 1960idí, rinne na póilíní ruathar go rialta ar bharraí agus ar chlubanna ina raibh daoine LADT ag teacht le chéile.
Ina choinne sin, reáchtáil an Cumann Mattachine (the Mattachine Society) agus Iníonacha Bilitis (Daughters of Bilitis) agóidí síochánta agus dea-bhéasacha.
Bhí siad gléasta in éadaí a rabhthas ag súil go gcaithfeadh fir agus mná. Agus níor léirigh siad aon taispeántais ceanúil; níor ceadaíodh fiú lánúineacha den ghnéas céanna a beith i ngreamaí láimhe ina chéile agus iad ag siúl le chéile.
Faoi dheireadh, chinn baill den phobal LADT gur fhulaing siad a ndóthain magadh poiblí, as a bheith dílis dóibh féin. Shocraigh siad agóid níos dúshlánach a dhéanamh.
I gceann de na gníomhartha is suntasaí ar son cearta LADT, sa tréimhse roimh Stonewall, bheartaigh triúr fear, buaile le chéile le haghaidh beoir.
Tá cáil ar an eachtra anois mar an ‘Sip In’, a n-ainmníodh i ndiaidh an Sit-In do chearta daoine gorma i stáit dheisceart Mheiriceá.
Rinne na póilíní ruathar go minic ar bharraí a mbuailfeadh daoine LADT le chéile go rialta. Mar sin ní fhreastalóidh an chuid is mó de na barraí ar dhaoine a bhí aerach go hoscailte.
Trí bliana roimh Stonewall, ar an aonú lá is fiche d’Aibreán, 1966, thug Dick Leitsch, Craig Rodwell agus John Timmons ón gCumann Mattachine, foláireamh don phreas, agus chuaigh siad chuig roinnt barraí, áit ar fhógair siad gur fir aeracha iad agus d’ordaigh siad deoch.
Sin tús an Sip In.
Chríochnaigh siad i mbeár Julius i West Village, Manhattan, áit a raibh fáilte roimh mhuintir LADT, ach ní go hoscailte.
Chuir freastalaí beáir gloine os comhair Leitsch ach nuair a d’fhógair sé go raibh sé aerach, chuir an freastalaí a lámh thar an ghloine. Agus bhí grianghrafadóir preasa ann chun pictiúr a thógáil den ócáid.
An lá dár gcionn d’fhoilsigh an New York Times alt leis an gceannlíne ‘3 Deviates Invite Exclusion by Bars’.
Fiú ceannlínte amháin gan an focal ‘Deviates’, is ceannlíne uafásach é.
Ina dhiaidh sin dhearbhaigh Coimisiún Chathair Nua Eabhrac um Chearta an Duine go raibh sé de cheart ag lucht LADT deoch a fháil i mbeáir. Ach níor athraigh sé seo an cultúr. Cuireadh cosc fós ar phógadh, damhsa agus a bheith lámh in a chéile.
Mar sin d’oscail roinnt clubanna príobháideacha i Nua Eabhrac. Ceann acu ba ea an Stonewall Inn, áit a bhfuil stair urchóideach amach is amach aici.
Bhí an clann Genovese ceann de na cúig clan Mafia a bhí i gceannas ar coireacht eagraithe (organised crime) i gCathair Nua Eabhrac, agus is i West Side Manhattan, áit atá ‘Greenwich Village’, a bhí a cumhacht is láidir.
Cheannaigh ‘Fat’ Tony Lauria, ball den chlann, an Stonewall Inn i 1966 agus d’athraigh sé go beár agus club aerach é. Bhí sé salach agus contúirteach agus ní raibh aon uisce reatha ná bealach éalaithe dóiteáin.
Ach fós bhí an-tóir air toisc go raibh sé ar cheann den bheagán barraí a ghlac le banríona draig agus a cheadaigh damhsa.
Níor bunaíodh an Stonewall Inn chun cúis na gceart aerach a chur chun cinn, de réir dealraimh — ach chun díriú ar chliaint shaibhre le haghaidh dúmhál a dhéanamh — Agus ceadaíodh é sin a luaithe is a bhí a gcuid ‘breabanna ’ ag na póilíní.
Bhí Fat Tony ag íoc thart ar $1,200 sa tseachtain go dtí an 6ú preicinct amháin. Bhí focal ann fiú do bhreabanna ó Stonewall do na póilíní, In ionad ‘payola’, glaodh ‘gayola’ air.
Nuair a d’íocadh iad, d’aontaíodh na póilíní an áit a ruathar go luath san iarnóin, nuair nach raibh mórán custaiméirí ann, agus thabharfaidís rabhadh go raibh siad ag teacht, ionas go bhféadfadh na Mafiosa a bheith imithe – agus ar ais i mbun gnó faoi oíche.
Ach fós féin dhéanfadh na póilíní náiriú ar na custaiméirí, cuireadh iallach orthu seasamh i líne, agus cártaí aitheantais a thaispeáint. Gabhadh iad mura raibh ceann acu. Gabhadh fir draig freisin. Agus gabhadh mná nach raibh TRÍ phíosa éadaí baineann orthu.
‘Barra buidéal (bottle bar)’ a bhí i Stonewall. De réir an dlí, bhí ar custaiméirí a ndeoch féin a thabhairt leo, agus síniú isteach. Ach rinne an Mafia neamhaird ar riail na ndeochanna, agus shínigh na custaiméirí le hainmneacha bréagacha.
Níl aon duine cinnte i ndáiríre cad a chuir tús le Círéibeacha Stonewall ach tá a fhios againn cén fáth ar tharla siad.
Bhí lucht LADT bréan agus feargach leis an náiriú laethúil. Agus sa deireadh chuaigh na póilíní i bhfad rófhada.
Ag thart ar 1rn ar an Satharn an 28 Meitheamh 1969, tar éis oíche fhada the Dé hAoine, rinne póilíní ruathar ar Stonewall, gan rabhadh a thabhairt.
Bhí mearbhall ar chustaiméirí agus ar bhaill fhoirne s. Taobh amuigh de chúpla Mafiosa a bhí i láthair bhí eagla ar go leor daoine a bheith ainmnithe go poiblí, daoine nach raibh aon taithí acu ar choireacht ná ar ghníomhaíocht diana póilíní.
Mar shampla bhí faitíos ar chustaiméir amháin, Maria Ritter, go dtógfaí grianghraf di i ngúna a máthair.
Choinnigh póilíní 13 den 200 ball foirne agus custaiméir ar ais chun iad a ghabháil agus dúirt siad leis na daoine eile dul abhaile. Bhí siad an-dian ar leispiaigh agus fir draig.
Ach cuireadh moill ar na veaineanna chun an t-alcól mídhleathach agus na daoine a gabhadh a thógáil leo. Agus thosaigh póilíní ag cur fearg agus eagla ar na cliaint.
D’fhan go leor díobh siúd a d’imigh lasmuigh. Agus chruinnigh slua cónaitheoirí leo. Bhí cuid acu fiosrach ach bhí fearg ar chuid eile.
Bhí fearg níos mó ar chuid acu siúd a bhí á ngabháil. Thosaigh póilíní ag úsáid fhoréigin. Tháinig fearg níos mó ar an slua taobh amuigh agus d’fhás an slua.
Bhí baill fhoirne á mbrú isteach i veain amháin agus scairt duine éigin ‘Gay power’. Thosaigh duine eile ag canadh ‘We Shall Overcome ’. Agus d’fhás an slua.
Tar éis blianta fada de náiriú laethúil agus magadh poiblí bhí a ndóthain ag an slua.
Scairt duine éigin, ‘Ní bhfuair na póilíní a breabanna’. Agus thosaigh siad ag caitheamh pinginí orthu.
Dá mhéad a láimhseáil na póilíní na custaiméirí go crua, is amhlaidh is feargach a d'éirigh an slua.
Ag thart ar 4rn, d’éalaigh leispiach amháin ó na póilíní, agus bhualadh í, agus í a tharraingt siar.
Deir Stormé DeLarverie, a d’oibrigh mar gharda cosanta, agus ar a thugadh Rosa Parks an phobail aerach uirthi, gurbh í féin a bhí ann. Agus d’aontaí go leor finnéithe léi. Níorbh aontaí cuid eile.
Pé dhuine í, nóiméad sular caitheadh sa veain í, scairt sí ar an slua: ‘Cén fáth nach ndéanann sibh rud éigin.’
Dúirt finné amháin: ‘Ba ag an nóiméad sin a d'eirigh an ócáid phléascach.’
Laistigh de nóiméad, bhí na céadta daoine ag círéib. Ansin is iad na póilíní a bhí eaglach. Rith siad isteach sa Stonewall Inn agus chuir siad baracáid suas.
D'úsáid roinnt círéibeoirí méadar páirceála (parking meters) chun briseadh tríd an doras; chaith daoine eile buidéil bheorach, bruscar agus rudaí eile, nó rinne siad bolgáin dóiteáin. Go gairid ina dhiadh sin, bhí an áit faoi thine.
Chuir an bhriogáid dóiteáin deireadh leis an tine sa deireadh.
Ní bhfuair aon duine bás nó níor gortaíodh éinne go criticiúil an chéad oíche de Chíréibeacha Stonewall.
Ach ní raibh ann ach an tús. Mhair siad cúig lá agus bhí baint ag mílte ann. Ní raibh fearg orthu a thuilleadh faoin Mafia, ná faoi na póilíní.
Agus lean an magadh. ‘Homo nest raided, queen bees are stinging mad’, a dúirt ceannlíne an New York Daily News.
Ach bhí tús curtha leis an réabhlóid agus ní raibh aon dul ar ais.
Thuig baill den Chumann Mattachine nach n-oibreodh agóidí dea-bhéasacha a thuilleadh.
Le bileog ag fógairt: 'Do You Think Homosexuals Are Revolting? You Bet Your Sweet Ass We Are!', Bunaíodh an Gay Liberation Front, an chéad eagraíocht a bhain úsáid as an bhfocal 'gay' ina ainm. Ina dhiaidh sin bunaíodh an Gay Activists Alliance.
Eagraíodh mórshiúl i gcathair Nua Eabhrac ar an chomóradh bliantúil Stonewall.
Go suntasach dúirt siad nach mbeadh 'aon rialacháin maidir le gúna, brístí ná aois ann'.
Dúirt go leor gur chóir dóibh máirseáil faoin mbratach 'Gay Power' Ach mhaígh duine de na heagraithe, L. Craig Schoonmaker, nach raibh an chumhacht acu athrú a dhéanamh, ach bhí bród acu.
‘Say it loud, gay is proud.’
Agus sin tús na gluaiseachta Bród, leis an rún go mbeadh a n-agóidí — glórach, fuinniúil agus lán le spraoi.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.