Thóg Harry cás dlí  in aghaidh an Mirror ‘chun stop a chur leis an ngráin in aghaidh Megan agus é féin’

Dúirt an Prionsa Harry i gcúirt go bhfuil cás tógtha aige i gcoinne fhoilsitheoir an Mirror chun stop a chur le ‘cur isteach agus gráin iomlán’ air féin agus ar a bhean chéile Megan.

Bhí sé ag tabhairt fianaise i gcoinne Mirror Group Newspapers (MGN) faoi éilimh go raibh nuacht bailithe go mídhleathach, lena n-áirítear ‘phone hacking’.

Bhí sé ‘choked up’  agus é ag críochnú fianaise a thabhairt don dara lá, agus dúirt sé go raibh ‘go leor’ le láimhseáil aige.

Séanann MGN gur bhain siad úsáid as modhanna mídhleathacha chun scéalta faoin bprionsa a bhailiú.

Ag an Ard-Chúirt i Londain, dúirt an prionsa gur thosaigh sé ag plé le caingean dlí (legal action) tar éis dó bualadh le David Sherborne, atá anois ina abhcóide, sa Fhrainc in 2018.

meghan and harry 768x448 1
Harry agus Megan

Dúirt sé go dtí sin gur láimhseáil ‘an Pálás’ ceisteanna faoi scéalta nuachtáin.

Ach tar éis dó bualadh leis an Uasal Sherborne, dúirt sé go raibh sé ag iarraidh stop a chur leis an ‘cur isteach agus an ghráin iomlán a bhí ag teacht chuige’ agus a bhean chéile Megan.

Dúirt dlíodóir don Mirror Group, Andrew Green, nach raibh Harry tar éis teacht ar scéal amháin a tháinig as ‘phone hacking’.

D’fhreagair Harry: ‘Tá fianaise chrua ann a thugann le tuiscint go bhfuil méid dochreidte amhras’ faoin gcaoi a bhfuarthas scéalta agus chreid sé gur úsáideadh ‘burner phones’ go minic.

Líomhain sé gur bailíodh eolas ar thart ar 140 alt ag baint úsáide as modhanna neamhdhleathacha.

Bhain go leor de na scéalta lena chaidreamh lena iar-chailín Chelsy Davy.

Sa bhliain 2006 d’fhoilsigh an Sunday People, nuachtán de chuid an Mirror Group, alt ag rá go raibh Chelsy ‘ag screadaíl ar feadh leathuaire’ ar an bhfón aige mar gheall ar cuairt chuig club ‘lapdancing’.

Nuair a fiafraíodh de faoi sin dúirt sé: ‘Bhí a fhios agam go raibh uimhir mo chailín i lámha iriseoirí an Mirror, agus is dócha gur fhéach siad trína sonraí glaonna (call data) agus go bhfaca siad glaonna a cailleadh (missed calls), glaonna déanacha … agus d’éirigh leo scéal a chur le chéile bunaithe air sin.’

Dúirt sé go bhfuair sé ‘tracking device’ ar a charr uair amháin.

D’fhreagair an tUasal Green ag rá go raibh tuairimíocht ann faoin áit a bhféadfadh an fhaisnéis seo teacht.

Bhris an lánúin in 2010 tar éis caidreamh sé bliana. D’fhreastail Chelsy ar bhainis an phrionsa le Meghan i Windsor in 2018.

Cuireadh ceist air faoi The People ag foilsiú grianghraif de féin le cara Mark Dyer agus an láithreoir teilifíse Caroline Flack nach maireann ag buaile le chéile.

Ag an am bhí amhras air gur sceitheadh ​​(leak) cara na sonraí agus stop sé féin agus a dheartháir William ag caint leis an Uasal Dyer ar feadh tamaill.

Dúirt sé sa chúirt, áfach: ‘Creidim anois gur ónár “voicemails” a tháinig an t-eolas… Fiú na daoine is mó a raibh muinín agam astu, bhí amhras orm fúthú faoi dheireadh.’

Tar éis fianaise an Phrionsa Harry a thabhairt chun críche, thug iar-chomhfhreagraí ríoga an Daily Mirror Jane Kerr fianaise.

Nuair a fiafraíodh di faoin úsáid a bhain sí as imscrúdaitheoirí príobháideacha, dúirt sí nach raibh ‘aon chúis aici a chreidiúint’ go bhfuarthas sonraí scéalta go neamhdhleathach.

‘Ba iad seo daoine a raibh aithne mhaith ag an deasc nuachta orthu, níor shíl mé go raibh aon rud cearr lena n-úsáid,’ a dúirt sí.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram