Scéalta na Seachtaine: Pléascadh ag an Kakhovka Dam ‘an tubaiste is measa tar éis Chernobyl’

Tá an damáiste déanta ag an bpléascadh ag damba Kakhovka an tubaiste is measa san Eoraip ó Chernobyl, de réir tuairiscí.

Sábháladh beagnach 20,000 duine ó na tuilte (floods), dúirt an rialtas I Kyiv oíche Dé Céadaoin.

Mar sin féin, caithfear 40,000 eile a aslonnú (evacuate), rud a fhágann go bhfuil an oiread sin teaghlach gan dídean.

Agus mar rabhadh don chuid eile den Eoraip agus den domhan, dúirt aireacht feirmeoireachta agus bia na hÚcráine go bhféadfadh go n-iompódh páirceanna gráin i ndeisceart na tíre ‘ina bhfásach (desert) chomh luath leis an mbliain seo chugainn’, toisc gur fhág an pléascadh dambaí na háiteanna sin gan aon fhoinse uisce.

Tá na céadta mílte Úcránaigh a bhfuil cónaí orthu gar d’Abhainn Dnipro anois faoi bhagairt ceimiceán contúirteach agus galair tar éis na pléascanna a d’oscail an damba go luath Dé Máirt.

Kakhovka Dam

Agus agcur le ainnise (misery) na dteaghlach atá ag teitheadh, tá ionsaithe aeir seolta ag an Rúis ar limistéir atá buailte ag tuilte.

Is cosúil gur buaileadh bloc árasán i gcathair Kherson cúig huaire.

Ag scríobh dó ar Twitter, chuir an leas-aire gnóthaí eachtracha Andrjj Melnyk an tuile i gcomparáid le pléascadh 1986 ag gléasra núicléach Chernobyl a sheol scamall radaighníomhach (radioactive cloud) ar fud na hEorpa.

Scríobh sé: ‘An tubaiste comhshaoil is measa san Eoraip ó thubaiste Chernobyl.

‘Ach an uair seo bhain Moscó úsáid as an arm ollscriosta (mass distruction) seo i gcoinne na nÚcránach.

‘Cé eile atá ag iarraidh dul i mbun caibidlíochta (negotiate) le Putin?’

Phléadáil uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky tiortha eile freagra a thabhairt ar ‘buama comhshaoil ollscriosta’.

Dúirt sé: ‘Tá bagairtí ollmhóra ag baint leis an gcoir seo agus beidh iarmhairtí dochracha (dire consequences) aici ar shaol daoine agus ar an gcomhshaol.

‘Ní féidir linn cabhair a thabhairt ach ar na háiteanna atá faoi rialú na hÚcráine. Ar an gcuid atá á áitiú ag an Rúis, níl na gabhálaithe  (occupiers) fiú ag iarraidh cuidiú le na daoine.’

Dúirt aire feirmeoireachta na hÚcráine go bhfágfaí 94% de na córais uisciúcháin talmhaíochta i Kherson, 74% i Zaporizhzhia agus 30% i Dnipropetrovsk gan fhoinse uisce.

Chabhraigh na réimsí seo chun an Úcráin a dhéanamh ar cheann de na heaspórtálaithe gránach is mó ar domhan.

Buailfidh arduithe i bpraghsanna gránach idirnáisiúnta mar gheall ar laghduithe soláthair isteach ar thíortha na hAfraice go mór ach d’fhéadfadh siad dul i bhfeidhm ar Éirinn agus ar an gcuid eile den Eoraip freisin.

Mar gheall ar bhagairt an truaillithe, chaith oibrithe éigeandála culaith ‘hazmat’ agus iad ag cur tús leis an tasc ollmhór glantacháin.

Tá rabhadh tugtha ag oifigigh go bhfuil mianaigh talún (landmines) á nochtadh acu.

In Kherson, dúirt leas-phríomhfheidhmeannach na hÚcráine Oleksandr Kubrakov: ‘Tá galair thógálacha agus ceimiceáin ag dul isteach san uisce.’

Lean an Rúis ar aghaidh ag séanadh freagrachta as an ionsaí, agus tá sé ráite ag rialtais an Iarthair nach bhfuil siad cinnte cé a rinne é.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram