Gearrfar €20,000 an duine ar thíortha an Aontais Eorpaigh as gach dídeanaí a ndiúltóidh siad glacadh leis, faoi chomhaontú nua.
Tá leasuithe radacacha comhaontaithe ag tíortha an AE ar a ndlíthe imirce. Beidh cuótaí (quotas) agus na táillí de €20,000 in aghaidh an duine ar bhallstáit a dhiúltaíonn óstáil a dhéanamh ar dhídeanaithe.
Táthar ag súil go roinnfidh an polasaí an brú atá á chur ar stáit tosaigh (frontline states) ar nós na hIodáile.
Eagróidh an córas nua athdháileadh (redistribution) na n-imirceach ar fud an AE, le cuóta éifeachtach ar an méid daoine a chaithfidh stáit tosaigh a phróiseáil sula n-iarrfaidh siad cabhair.
Tar éis beagnach 12 uair an chloig de dhian-idirbheartaíocht i Lucsamburg, agus blianta de throid, tháinig na hairí ar chomhaontú Déardaoin maidir le cur chuige nua ‘stairiúil’ maidir le ceann de na fadhbanna idirnáisiúnta is mó ar domhan.
Bhí roinnt comhréiteach ann sa deireadh ach ciallóidh an polasaí go bhfuil cur chuige níos atruacha (compassionate) ann chun cabhrú le teifigh ar fud an Aontais Eorpaigh, i gcomparáid leis an seasamh a ghlac roinnt polaiteoirí i dtíortha mar an Bhreatain agus na Stáit Aontaithe.
Faoi chomhréiteach amháin, comhaontaíodh go gcinnfeadh na ballstáit, seachas an AE ina iomláine, cén tír a bheadh ‘sábháilte’ d’imircigh le seoladh chuici mura bhfuil siad i dteideal tearmainn (asylum).
Staon an Bhulgáir, an Liotuáin, Málta agus an tSlóvaic ó vótáil ar son an chonartha, agus thug an Ungáir agus an Pholainn le fios nach dtacódh siad leis.
Dúirt an Ghearmáin, Éire, Lucsamburg agus an Phortaingéil go leanfaidís ar aghaidh ag feachtasaíocht ar son athruithe sa reachtaíocht iomlán chun leanaí agus mionaoisigh gan tionlacan a eisiamh ó na rialacha nua.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.